Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 March 2020

Thursday, 5 March 2020

Ceisteanna (1255)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1255. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil i gceist ag an Roinn leanacht den deontas atá an Roinn ag íoc do chomhodaitheoir Gaeilge i bPobal Scoil Chorca Dhuibhne don scoil bliain 2020/2021 agus ina dhiaidh sin, ag tógáil san áireamh an obair iontach atá déanta ag an scéim seo ó bunaiodh í; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3318/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar chuid den chistíocht bhliantúil   atá á cur ar fáil ag mo Roinn don eagraíocht, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, ar leas foriomlán na Gaeilge i gCorca Dhuibhne, tá allúntas suas le €33,600 in iomlán (ionann leis an scoilbhliain seo caite 2018/19) á chur ar fáil chun Comhordaitheoir Teanga a fhostú i bPobalscoil Chorca Dhuibhne don scoilbhliain reatha 2019/20.

Tá iarratas ar allúntas trí bliana á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair i leith na  tréimhse 3 bliana  2020/21, 2021/22 agus 2022/23 i dtreo a bheith in ann cinneadh a dhéanamh faoi chomh luath is féidir.

Barr
Roinn