Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 March 2020

Thursday, 5 March 2020

Ceisteanna (956)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

956. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a ghlacfar go hoifigiúil leis an tuarascáil ar Anailís Costais agus Tairbhe a dhéanamh ar Ché Ros a’ Mhíl ó tharla gur cuireadh ar fáil í i Meitheamh 2017, dhá bhliain go leith ó shin; cén uair a chríochnófar an t-athbhreithniú ar an tuarascáil a rinneadh ina dhiaidh sin ar na roghanna scóipeála agus ar ghnéithe oibríochta a d’fhéadfadh a bheith i gceist; cén uair a chríochnófar na fiosruithe eile suímh a luadh i bhfreagra ar cheist pharlaiminteach ar an 6ú Meán Fómhair 2019 agus cén uair a bheidh cinneadh déanta dul ar aghaidh leis an obair fíor-riachtanach ar an gcé seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3477/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé Lárionad Cuain Iascaigh ainmnithe faoi úinéireacht an stáit (FHC). Tá siad suite i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, an Dún Mór Thoir, Binn Éadair, na Cealla Beaga agus Ros an Mhíl, faoi úinéireacht ag mo Roinnse. Déanann an Roinn iad a chothabháil agus a chur i bhfeidhm, faoi reacht.

Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do na Lárionaid Chuain Iascaigh, lena n-áirítear Ros an Mhíl, faoin gClár Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta. Tá dul chun cinn déanta le blianta anuas ar chlár céimnithe chun bonneagar Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl a fhorbairt agus tá infheistíocht shuntasach déanta ann. Ar an iomlán, rinneadh tuairim is €31m a infheistiú i bhforbairtí caipitil i Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl idir 2000 agus 2019.

Tá an fhéidearthacht maidir le tionscadal calafoirt domhainfharraige ag Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl á mheas ag an Roinn le tamall anuas. Choimisiúnaigh an Roinn comhairleoirí DKM chun Anailís Costais is Tairbhe a dhéanamh ar a bheadh i gceist le cé domhainfharraige a fhorbairt ag Ros an Mhíl. Cuireadh dréacht-thuarascáil ar aghaidh chuig an Roinn i Meitheamh 2017. Rinneadh an tuarascáil a mheas ach níor glacadh léi go foirmeálta riamh.

Ó dréachtaíodh an tuarascáil sin, tá athrú tagtha ar roinnt de na bunphrionsabail a bhí mar thaca leis an gcéad anailís a rinneadh. In 2018, choimisiúnaigh an Roinn comhairleoirí innealtóireachta ina dhiaidh sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar na réitigh dearaidh, ar na roghanna scóipeála agus ar ghnéithe oibríochta a d'fhéadfadh a bheith i gceist lena leithéid de thogra amach anseo. Fuarthas an tuarascáil sin in Aibreán 2019 agus tá sí á meas go hiomlán faoi láthair ag an Roinn; ach, aithníodh sa tuarascáil an gá atá le fiosruithe eile suímh a dhéanamh ag Ros an Mhíl.

Tugadh faoi na fiosraithe sin i Lúnasa/Meán Fómhair 2019 agus tá siad críochnaithe anois, agus táthar ag súil le tuarascáil a eascróidh ó na fiosraithe sin i R1 2020. Tacóidh torthaí na tuarascála seo chomh maith leis an measúnú foriomlán ar na réitigh dearthóireachta agus roghanna scóipeála a d'fhéadfadh a bheith i gceist.

Mar a bhíonn le gach forbairt sna sé Lárionad Cuain Iascaigh, ní dhéanfar aon chinneadh eile amach anseo i ndáil le tús a chur leis an tionscadal seo i Ros an Mhíl a mheas ach ar an mbonn  maoiniú státchiste agus tosaíochtaí náisiúnta iomaíochta a bheith ar fáil.

Barr
Roinn