Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 March 2020

Thursday, 5 March 2020

Ceisteanna (957)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

957. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén méid den chaiteachas de €29 milliún a caitheadh ar Ché Ros a’ Mhíl ó 2000 i leith a bhain le cúrsaí farantóireachta, báid phléisiúir agus báid bheaga iascaireachta faoi bhun 10 méadar agus cén méid de sin a bhain le cursaí iascaireachta do bháid os cionn 10 méadar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3478/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé Lárionad Cuain Iascaigh ainmnithe faoi úinéireacht an stáit (FHC), suite i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, an Dún Mór Thoir, Binn Éadair, na Cealla Beaga agus Ros an Mhíl, faoi úinéireacht ag mo Roinnse agus déanann an Roinn iad a chothabháil agus a chur i bhfeidhm, faoi reacht.

Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do na Lárionaid Chuain Iascaigh, lena n-áirítear Ros an Mhíl, faoin gClár Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta. Tá dul chun cinn déanta le blianta anuas ar chlár céimnithe chun bonneagar Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl a fhorbairt agus tá infheistíocht shuntasach déanta ann. Ar an iomlán, rinneadh tuairim is €31m a infheistiú i bhforbairtí caipitil i Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl ó 2000 go dtí 2019, an bhliain sin san áireamh.

Is tiomantas suntasach é seo i leith fhorbairt eacnamaíochta agus shóisialta Ros an Mhíl, an chúlchríoch níos leithne agus Oileáin Árann. Cuirtear tús le tionscadail de réir riachtanas oibríochtúil agus straitéiseach agus an tábhacht atá i gceist d'fhonn bonneagar foriomlán na Lárionad Cuain Iascaigh a fheabhsú chun saoráidí oibriúcháin a chur ar fáil do réimse éagsúil úsáideoirí an chalafoirt ina nglacfar dinimic ar leith na gcalafort ar leith san áireamh. Ní féidir idirdhealú a dhéanamh ar chostais tionscadail, lena n-áirítear sábháilteacht agus cothabháil, de réir mhéid an árthaigh a bhaineann úsáid as an gcalafort.

Táim ábalta a rá, maidir le Ros an Mhíl, gur críochnaíodh teirminéal farantóireachta breá do mhuintir thrí Oileán Árann agus do chuairteoirí chuig na hoileáin in 2011, a chosain tuairim is €15m.  Ach, áiríodh sa tionscadal sin áiseanna páirceála agus bealach bóthair isteach atá chun leasa gach duine a úsáideann an calafort. Níl sé i bhfad ó tugadh an obair ar chaladh bád chun críche (2018), obair a chosain €4.9m, agus baineann báid fóillíochta agus árthaí beaga iascaigh úsáid as an tsaoráid seo.

Question No. 958 answered with Question No. 916.
Barr
Roinn