Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 May 2020

Wednesday, 13 May 2020

Ceisteanna (1308)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1308. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo, i gcomhar le Comhairle Contae na Gaillimhe le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin; cad iad na céimeanna a gcaithfear dul tríothu chun go gceadófar deontas don obair seo; cén uair atá súil go gceadófar deontas don obair seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3950/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá forbairt Ché an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin san áireamh i Tionscadail Éireann 2040.

Bíonn mo Roinn i dteagmháil le Comhairle Contae na Gailimhe go rialta maidir leis an togra seo agus, ag eascairt as na teagmálacha sin agus mar chuid den mheasúnú ar an togra, tá sé i gceist taighde a choimisiúnú chun samhail ionsamhlúcháin a réiteach a léireoidh na roghanna éagsúla don fhorbairt.

Agus an chéim sin curtha i gcríoch, déanfar an togra a mheas arís faoi théarmaí an Chóid Caiteachais Poiblí agus i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar thograí caipitil agus na n-éileamh éagsúla ar an airgead sin.

Barr
Roinn