Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt na nOileán

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 May 2020

Wednesday, 13 May 2020

Ceisteanna (1325)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1325. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag a Roinn chun polasaí nua a réiteach do na hoileáin; cén uair atá i gceist lena leithéid a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4659/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bhunaigh an Rialtas Coiste Idir-Rannach do na hOileáin i mí Iuil 2019 agus, ag eascairt as cruinnithe den choiste seo, aontaíodh ar phlean oibre chun polasaí oileánda a ullmhú.

Mar chuid den phróiseas seo, réitíodh agus foilsíodh plépháipéar le hionchur ó na ranna stáit éagsúla. Leag an plépháipéar amach eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil do na hoileáin cheanna féin a bheadh mar áis don phróiseas comhairliúchán.

Ó Mí Eanáir ar aghaidh, d'eagraigh oifigigh ó mo Roinne sraith cruinnithe comhairliúcháin chun deis a thabhairt do phobail na n-oileán a gcuid tuairimí faoin bpolasaí agus faoi riachtanais na n-oileán a nochtadh.

Go dtí seo, tionóladh cruinnithe ar aon oileán dhéag mar seo a leanas:

Inis Arcáin

9 January 2020

Faoide

10 January 2020

Baoi

10 January 2020

An t-Oileán Mór

17 January 2020

Inis Oírr

22 January 2020

Inis Mór

29 January 2020

Inis Meáin

30 January 2020

Inis Uí Dhrisceoil

7 February 2020

Inis Fada

7 February 2020

Oileán Chléire

7 February 2020

Árainn Mhór

13 February 2020

Is próiseas cuimsitheach comhairliúcháin atá ar siúl agus is é an chéad chéim eile sa phróiséas cruinnithe a shocrú le páirtithe leasmhara eile, eagrais Stáit san áireamh, a chuireann seirbhísí ar fáil do na hoileáin.

Barr
Roinn