Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 June 2020

Wednesday, 3 June 2020

Ceisteanna (1284)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1284. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil i gceist teacht i gcabhair ar na hallaí agus aiseanna pobail a bheidh thíos ó thaobh ioncaim dhe leis an gcinneadh gan aon choláistí Gaeilge a bheith ann I mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8953/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Aithníonn an Roinn gur tréimhse dhúshlánach í seo do phobal na tíre trí chéile agus go bhfuil tionchar á imirt ag COVID-19 ar gach éinne.

Is tríd an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne a chuireann an Roinn tacaíocht airgid ar fáil do phobail na Gaeltachta chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a fhorbairt nó a athchóiriú mar aon le trealamh ina leith a cheannach. 

Níl aon chlár ag an Roinn chun teacht i gcabhair ar na costais a bhaineann leis na háiseanna sin a riar.

Barr
Roinn