Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 June 2020

Wednesday, 3 June 2020

Ceisteanna (1288)

Catherine Connolly

Ceist:

1288. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta stádas an phróisis idirbheartaíochta atá ar siúl idir a Roinn, Údarás na Gaeltachta agus Coláiste Lurgan maidir leis an plean atá acu suíomh a fhorbairt in Indreabhán; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9225/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar mhaithe le cur tuilleadh le forbairt Chois Fharraige  - ar leas na Gaeilge agus gheilleagar an cheantair araon - tá an Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ag breathnú faoi láthair ar na roghanna maidir le forbairt ionaid oideachais agus óige i gceantar an Chnoic ar an suíomh a bhfuil Coláiste Lurgan ag feidhmiú ann, atá in úinéireacht Údarás na Gaeltachta.

Tá plé ar bun faoi láthair le páirtithe leasmhara – pobal an cheantair agus lucht stiúrtha Choláiste Lurgan san áireamh  - mar chuid den obair ullmhúcháin i dtreo an rogha cuí a aimsiú ar mhaithe le bheith in ann cead críochnúil na Roinne agus Bhord an Údaráis faoi seach a lorg chomh luath agus is féidir.

Tá an obair ullmhúcháin seo ar bun ar bhealach a thógann san áireamh, oiread agus is féidir, mianta páirtithe leasmhara agus, ach an oiread le gach togra caipitil maoinithe ag an Stát, riachtanais an Chóid Caiteachais Phoiblí de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. 

Ach an obair sin uile a bheith déanta faoi réír an Chóid, déanfar an togra a mheas  i gcomhthéacs  an chiste airgid atá ag an Roinn do thograí caipitil agus na n-éileamh  eile ar an gciste sin. Faoi réir théarmaí an Chóid, níl an fhorbairt tagtha go dtí an pointe fós gur féidir cead pleanála a lorg ina leith.

Question No. 1289 answered with Question No. 1281.
Barr
Roinn