I propose to take Questions Nos. 449 to 452, inclusive, together.
Mar chuid dár fhreagairt faisnéise poiblí ar COVID-19, chuir mo Roinn trí fheachtas fógraíochta craolta le chéile – dhá fheachtas raidió agus feachtas amháin don teilifís.
Bhí sé mar aidhm ag feachtas teilifíse na Roinne siopadóireacht shábháilte le linn COVID-19 a chur chun cinn. Táirgeadh é i mBéarla ar chostas €114,965.33 agus craoladh é ar RTÉ a hAon, Virgin Media a hAon agus TG4.
Bhí cur chun cinn Feachtais Folláine na Roinne agus cur chun cinn feasachta maidir le thionscnamh na Foirme Aimsithe Paisinéirí COVID-19 mar aidhmeanna ag dhá fheachtas raidió na Roinne. Ba é costas iomlán na bhfeachtais seo ná €825,142.79 ar fhógraí i mBéarla agus €4,023.28 i nGaeilge.
Chuimsigh feachtais raidió na Roinne 13 fhógra Béarla a craoladh ar fud 32 stáisiún raidió náisiúnta, ilchathrach agus réigiúnach/áitiúil agus fógra Gaeilge amháin a craoladh ar stáisiún raidió amháin.
Tá mo Roinn tiomanta do chomhairle sláinte poiblí a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla. B’iad príomhfhócas ár bhfeachtais sláinte poiblí ná comhairle a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Rialtais agus póstaeir comhairle sláinte poiblí agus leabhráin faisnéise a chur amach.
Bhí suíomh gréasáin an Rialtais ina fhoinse faisnéise don phobal le linn na géarchéime seo agus déantar é a nuashonrú agus a aistriú go Gaeilge go rialta. Cuireadh gach preasráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála um Shláinte Phoiblí (FNÉSP/NPHET), in éineacht lena n-aistriúcháin Ghaeilge, suas ar líne.
Sheachaid An Post leabhrán Faisnéise Poiblí COVID-19, a foilsíodh i mBéarla agus i nGaeilge, agus póstaer dátheangach dátheangach maidir le ní na lámh chuig gach teaghlach sa tír. D'éascaíomar craoltaí an chláir Nuacht ó mo Roinn agus d' éascaíomar ceisteanna Gaeilge ag ár seisiúin faisnéise don phreas maidir le COVID-19.
Ina theannta sin, cuireadh amach gach póstaer comhairle sláinte poiblí i mBéarla agus i nGaeilge agus roinneadh iad ar fud gach Roinn rialtais agus páirtithe leasmhara rialtais. Tá siad ar fáil freisin le híoslódáil ó shuíomh gréasáin an Rialtais sa dá theanga le haghaidh úsáide príobháidí agus tráchtála
ag https://www.gov.ie/en/collection/ee0781-covid-19-posters-for-public-use/. Tá mo Roinn tiomanta i gcónaí chun a cuid oibleagáidí go léir faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus chun comhairle agus treoir thráthúil bhríoch a sholáthar trí Ghaeilge le linn na géarchéime seo.
Maidir le gnéithe de na ceisteanna seo a bhaineann le FSS, d’iarr mé orthu freagra díreach a thabhairt don Teachta.