Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Tacaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 June 2020

Tuesday, 23 June 2020

Ceisteanna (942)

Pearse Doherty

Ceist:

942. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil tacaíocht á cur ar fáil ag a Roinn do na hIonaid Pobail sa Ghaeltacht, go háirithe na cinn sin ina mbíonn na coláistí Gaeilge lonnaithe agus atá ag cailleadh amach mar gheall ar na coláistí sin a bheith curtha ar ceal i mbliana. [12072/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Aithníonn an Roinn gur tréimhse dhúshlánach í seo do phobal na tíre trí chéile agus go bhfuil tionchar á imirt ag COVID-19 ar gach éinne.

Is tríd an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne a chuireann an Roinn tacaíocht airgid ar fáil do phobail na Gaeltachta chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a fhorbairt nó a athchóiriú mar aon le trealamh ina leith a cheannach. Níl aon scéim ag an Roinn le cabhrú le riaradh na n-áiseanna sin agus iad forbartha.

Barr
Roinn