Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Covid-19 Pandemic

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 July 2020

Tuesday, 14 July 2020

Ceisteanna (373)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

373. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtógfar mná tí a bhí le scoláirí a choinneáil faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge den chéad uair i mbliana san áireamh sa scéim cúitimh atá ar fáil do na mná tí de bharr Covid 19; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15865/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, fógraíodh le gairid ciste éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is beart aon uaire é a bhfuil mar aidhm aige inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus an Plean Gníomhaíochta 2018–2022 lena mbaineann.

Faoin gciste cobhsaithe atá fógartha, cuirfear tacaíocht ar fiú suas le €3.1m é i dtreo údaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí agus cuirfear €1.6m ar fáil chun tacú leis an 700 teaghlach Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín deimhnithe ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Tagann an tionscnamh seo tar éis gur fhógair mo Roinn ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Is é an ráta caighdeánach a bheidh iníoctha i leith lóistín ná suas le 40% den íocaíocht laethúil a bhíonn iníoctha ag mo Roinn go hiondúil faoin scéim (ie €10 an scoláire do na teaghlaigh), is é sin €4 an scoláire an oíche do na teaghlaigh cháilithe atá aitheanta ag mo Roinn.

Beidh iomlán na híocaíochta do gach teaghlach bunaithe ar líon na scoláirí ar íocadh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ina leith don tréimhse ó Aibreán go Lúnasa 2019.

Is féidir le teaghlaigh nach raibh páirteach i Scéim na bhFoghlaimeoir Gaeilge in 2019 iarratas a dhéanamh faoin gciste agus, ach an t-iarratas a bheith bailí, beidh an íocaíocht faoin scéim bunaithe ar an líon foghlaimeoirí a bhí i gceist ag an gcoláiste a chur ar iostas leis an teaghlach in 2020. Déanfaidh an Coláiste an líon foghlaimeoirí seo a dheimhniú don Roinn. Ní thabharfar aitheantas sa chás seo, áfach, d’aon teaghlach nua a bhfuarthas iarratas ar aitheantas uathu tar éis 1 Aibreán 2020.

Anuas air sin, dóibh siúd a raibh foghlaimeoirí Gaeilge le bheith ar iostas leo den chéad uair in 2020, is féidir leo iarratais ar chúnamh breise d'iarratasóirí nua a dhéanamh chomh maith i.e., deontas aon uaire €2,000 (nó 50% den chostas, cibé acu is lú) i leith na gcostas a thit orthu maidir le oibreacha/ábhar a bhaineann le sábháilteacht dóiteáin.

Barr
Roinn