Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 July 2020

Tuesday, 21 July 2020

Ceisteanna (253)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

253. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil i gceist cúnamh a thabhairt do champaí samhradh a raibh costais tarraingte orthu féin agus earlais a fháil acu roimh a fograíodh nach mbeadh aon champaí Samhraidh ann i mbliana ag tús Mí Iúil, mar a rinne le na coláistí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí raiteas ina thaobh. [17052/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ceadaíonn mo Roinn allúntas suas le €330,000 d’Údarás na Gaeltachta chun campaí samhraidh a reáchtáil sa Ghaeltacht gach bliain. Is iad Muintearas Teo atá roghnaithe ag an Údarás chun cúram a dhéanamh de riar na scéime faoina scáth. Is ionann an cúnamh a chuirtear ar fáil faoin scéim agus fóirdheontas i ndáil leis an táille a ghearrtar le freastal ar champaí aitheanta.

Cé is móite den fhóirdheontas sin agus allúntas suas le €33,000 atá iníoctha le Muintearas Teo. as an scéim a riar, ní íoctar as aon chostas eile i ndáil le campaí samhraidh faoi scéim na Roinne.

Ar fhaitíos na míthuisceana, fógraíodh lé déanaí go mbeifí ag glacadh le hiarratais faoi Scéim na gCampaí Samhraidh i mbliana.

Barr
Roinn