Thug Foras na Gaeilge Scéim Phobail Gaeilge (SPG) isteach i 2005 chun deis a thabhairt do choistí pobail deonacha áitiúla iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais i dtreo na gcostas a bhaineann le plean gnó trí bliana a chur i bhfeidhm d’fhorbairt agus do fheabhsú na Gaeilge. Déanadh leasú ar an scéim don chéad uair in 2016
Aithníonn Foras na Gaeilge go gcaithfear athruithe suntasacha a dhéanamh ar an scéim mar atá sí faoi láthair. De réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, agus tuiscint Fhoras na Gaeilge ar dhea-chleachtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn, aithnítear gur chóir go mbeadh béim ann anois ar phleanáil fhadtéarmach teanga agus ar phleanáil straitéiseach.
Tionóladh réamh-chruinnithe comhairliúcháin ag Foras na Gaeilge, i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael, leis na páirtithe leasmhara siar in 2019. Eagraíodh réamh-chruinnithe eile i mí an Mheitheamh na bliana seo ar a fhreastail suas le 80 duine nuair a pléadh moltaí cháipéis chomhairliúcháin a bhí eisithe ag an bhForas leis na páirtithe leasmhara éagsúla.
Dúnadh an próiseas comhairliúcháin a bhí ar bun ag Foras na Gaeilge i dtaca le hathstruchtúrú na scéime Dé Aoine seo caite 17ú Iúil 2020 agus tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil siad sásta leis an líon aighneachtaí atá faighte acu ag éirí as an phróiseas. Ceapfar Comhairleoir neamhspleách anois le tuairisc a chur le chéile ar na haighneachtaí sin.
Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mé féin agus oifigigh mo Roinne ar an eolas faoi mhianta na ngrúpaí a fhaigheann tacaíocht faoin scéim reatha agus gur chas mo chuid oifigigh leis an Roinn Pobal ó thuaidh, le Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge , Glór na nGael agus páirtithe chun na mianta sin a phlé.