Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tionscail na hIascaireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 July 2020

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna (106)

Catherine Connolly

Ceist:

106. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le ceist uimhir 16274/20, mionsonraí a thabhairt i dtaobh an chostais iomláin agus na hinfheistíochta suntasaí luaite atá déanta ag an Stát chun pleananna a chur i dtoll a chéile le Páirc na Mara, an pháirc nuálaíochta mhuirí chomhaimseartha, a fhorbairt i gContae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17489/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá forbairt Pháirc na Mara mar pháirc nuálaíochta muirí íseal-charbóin ar chaighdeán domhanda mar thogra lárnach sa phlean forbartha 5 bliana do cheantar Iorras Aithneach, atá curtha i dtoll a chéile ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le pobal an cheantair. Tá tacaíocht láidir ag an togra ó phobal na háite atá sainithe mar cheantar atá faoi mhíbhuntáiste.

Is é an cuspóir atá ag an bplean 5 bliana sin agus an togra seo go sonrach ná an ceantar a fhorbairt tuilleadh ar bhealach inmharthanach chun dul i ngleic le dífhostaíocht agus imirce ann. Meastar go bhféadfadh Páirc na Mara suas le 200 post go díreach agus 400 post go hindíreach a chothú - rud a bheidh ar leas suntasach an cheantair ar ndóigh.

Chun an togra a bhrú chun cinn mar is cuí ar bhonn compháirtíochta, tá Údarás na Gaeltachta tar éis páirtithe straitéiseacha, lena n-áirítear áisíneachtaí Stáit agus institiúidí oideachais, a tharraingt le chéile chun tacú le fíorú an phlean.

De thoradh comórtas a eagraíodh i gcomhréir le rialacháin soláthair poiblí, fostaíodh foireann dearaidh chun an t-iarratas pleanála ina leith a réiteach thar ceann Údarás na Gaeltachta - ó tharla ard-leibhéal speisialtóireachta a bheith ag teastáil chun an t-iarratas a ullmhú. Cuimsítear san fhoireann dearaidh, comhairleoirí innealtóireachta comhshaoil; pleanálaí comhshaoil, comhairleoir mara; éiceolaí mara agus saineolaithe ábhartha eile.

Tuigtear go raibh costas €799,895 go dáta ag baint le réiteach an iarratais pleanála - a chuimsíonn staidéir faoi leith, taighde agus seirbhísí comhairleoireachta éagsúla.

Barr
Roinn