Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 July 2020

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna (24)

Mairéad Farrell

Ceist:

24. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil plean ar bith ag a Roinn chun maoiniú a chur ar fáil do rannóg Gaeilge Ollscoil Uladh i gcampas Mhic Aoidh i nDoire; an mbeadh sí toilteanach cásadh leis an Rannóg leis seo a phlé; agus an mbeidh sí sásta comhoibriú leis an Roinn Oideachas agus Scileanna ar an ábhar seo. [17404/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (5 píosaí cainte)

Question No. 24 is in the name of Deputy Mairéad Farrell ach níl sí anseo. Cuirfidh Teachta Doherty an cheist.

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit. Tá súil agam go bhfeicfimid é, agus an tAire sinsearach, i nGaeltacht Thír Chonaill gan mhoill. Baineann an cheist atá roimh an Dáil leis na tacaíochtaí gur féidir leis an Roinn a thabhairt don rannóg Ghaeilge i gcampas Mhic Aoidh i nDoire de chuid Ollscoil Uladh. Bhuail Teachta Mac Lochlainn agus mé féin le grúpa ollamh agus léachtóirí ón rannóg seo le gairid. Is é an rannóg Ghaeilge sin an t-aon rannóg Ghaeilge a bhíonn ag teagasc go huile is go hiomlán i nGaeilge Uladh. Déanann sé freastal ar chainteoirí Gaeilge Uladh sa taobh seo tíre. An bhfuil Roinn an Aire Stáit sásta tacaíocht airgid nó cúiteamh a thabhairt dó sa dóigh is gur féidir leis leanúint ar aghaidh leis an tseirbhís a chuireann sé ar fáil?

Gabhaim buíochas leis an Teachta as na beannachtaí. Gabhaim buíochas leis as an gceist freisin. Is iad aidhmeanna an chiste d’ollscoileanna idirnáisiúnta dea-thoil i leith na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn lasmuigh den Stát, trasna na hEorpa, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus níos faide ó bhaile agus ardán a chur ar fáil ionas gur féidir teacht ar an nGaeilge agus í a chur i lár an aonaigh mar theanga idirnáisiúnta. Cothaíonn sé tuiscint níos fearr ar an teanga agus ar chultúr na hÉireann lasmuigh den Stát agus cothaíonn sé naisc idir Éirinn agus na tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí lonnaithe.

Chomh maith leis sin, cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir.

Faoi láthair, tá mo Roinn ag maoiniú cúrsaí Gaeilge in os cionn 40 institiúidí tríú leibhéal idirnáisiúnta agus tá súil againn cur leis seo sna blianta amach romhainn. San áireamh anseo, tá dhá pháirtnéireacht le Coimisiún Fulbright agus le Fondúireacht Ollscolaíochta na hÉireann-Ceanada ar mhaithe le teagascóirí Gaeilge a chur go tuaisceart Mheiriceá ar feadh tréimhse bliana. Déantar maoiniú ar chúrsaí in ollscoileanna ar fud na hEorpa chomh maith.

Cuidíonn an maoiniú leis na hollscoileanna tuarastal na dteagascóirí a íoc, ábhar teagaisc a chlúdach agus riaracháin na gcúrsaí chomh maith le deis a thabhairt do dhaltaí a theacht go hÉirinn ar scoláireacht i gceann de na ceithre ionad i nGleann Cholm Cille, Baile an Fheirtéaraigh, an Cheathrú Rua agus Inis Oírr.

Cé go bhfuil an ciste dírithe go príomha ar institiúidí nach bhfuil suite ar oileán na hÉireann, ach teagmháil a bheith déanta ag údaráis Ollscoil Uladh le mo Roinn, bheinn sásta iarraidh ar oifigigh mo Roinne casadh leo chun an cheist atá ardaithe ag an Teachta a phlé.

Déanfaidh mé teagmháil leo fosta agus déanfaidh mé cinnte go dtarlóidh an cruinniú gan mhoill. Ón chruinniú a bhí agam féin agus ag an Teachta Mac Lochlainn leis na léachtóirí agus na hollúna ón ollscoil sin, tá sé iontach soiléir go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar an rannóg sin. Tá maoiniú caillte aici le blianta beaga anuas. Bhí cúrsaí á gcur ar fáil aici i Leitir Ceanainn, in Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill, agus in aiteanna eile ach, mar gheall ar an ghearradh maoinithe a rinne an Rialtas le linn na géarchéime eacnamaíche, níl an rannóg ábalta iad a chur ar fáil ag an phointe seo.

Mar a dúirt an tAire Stáit, tá maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn do 40 aonad idirnáisiúnta, ach níl sé á chur ar fáil don rannóg ar champas Mhic Aoidh i nDoire i leith na seirbhísí a sholáthraítear. Tá an rannóg seo fíorthábhachtach do Ghaeilgeoirí agus scoláirí Uladh. Tá sé tábhachtach ó thaobh cosaint a thabhairt do chanúint agus chun deis a thabhairt do scoláirí freastal ar an ollscoil le staidéar a dhéanamh ar an teanga gan iad a bheith i bhfeidhm taistil chomh fada le Gaillimh, Maigh Nuad nó Baile Átha Cliath. Tá súil agam go mbeidh dearcadh maith ag an Aire Stáit agus ag a Roinn nuair a chasann siad leis na daoine as an champas seo i nDoire.

Tuigim tábhacht an ábhair seo. Is mór liom an cúlra agus na mionsonraí ar thug sé dom ina chuid cainte. Go ginearálta, cuireann an maoiniú sin go mór leis an teanga. Cruthaíonn sé tuiscint níos fearr ar an teanga agus ar chultúr na hÉireann lasmuigh d'Éirinn. Cothaíonn sé naisc idir Éire agus na tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí lonnaithe. Chomh maith leis sin, cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir. Cuireann sé deis ar fáil an Ghaeilge a chur i láthair phobal acadúil ar fud an domhain. Tugann sé stádas comhionann don Ghaeilge le teangacha Eorpacha eile atá á dteagasc thar lear.

Barr
Roinn