Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 July 2020

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna (25)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

25. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén tacaíocht atá curha ar fháil aici do na hallaí pobail san Ghaeltacht atá i mbaol dúnadh go h-iomlán toisc an teip ar a ioncam i mbliana toisc an pandemic, agus an ardú árachas atá á bhuaileadh anois. [17294/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (4 píosaí cainte)

Cén cúnamh breise atá á thabhairt do cheantair Ghaeltachta chun hallaí pobail a choimeád oscailte i mbliana agus sa bhliain seo chugainn?

Aithníonn an Roinn gur tréimhse dhúshlánach í seo do phobal na Gaeltachta i gcoitinne de dheasca Covid-19 - lucht stiúrtha na hallaí agus na n-ionad pobail sa Ghaeltacht san áireamh - ós rud é go bhfuil an fhoinse ioncaim bhliantúil a bheadh ag cuid mhaith díobh ceilte uathu i mbliana mar gheall ar na coláistí Gaeilge a bheith curtha ar ceal an samhradh seo. Chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht, d'fhógair mo Roinn le gairid go raibh ciste éigeandála aon uaire ar fiú €4.7 milliún ar fáil. Tagann an tionscnamh seo tar éis gur fhógair mo Roinn ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Ghaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Is beart aon uaire é a bhfuil mar aidhm aige inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú, agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an plean gníomhaíochta don tréimhse ó 2018 go 2022 lena mbaineann.

Maidir leis na hallaí pobail, is tríd a cuid scéimeanna caipitil a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil do phobail áitiúla chun áiseanna pobail agus chaitheamh aimsire a fhorbairt. Cé nach bhfuil aon scéim ná ciste ag an Roinn faoina bhféadfaí cúnamh reatha a chur ar fáil do hallaí agus ionaid phobail, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh caipitil a chur ar fáil faoina clár tacaíochtaí pobail agus teanga ar leas na hallaí agus ionaid phobail.

Ag aithint, ar ndóigh, go bhfuil rath chóras na gcoláistí agus na n-ionad pobail sa Ghaeltacht ag brath ar a chéile, chas oifigigh mo Roinne le toscaireacht ó hallaí pobail i nGaeltacht Chonamara le gairid agus pléadh na hábhair imní atá acu.

Agus an tAire Stáit ag teacht chuig deireadh a fhreagra, bhí an cuma ar an scéal go raibh sé chun a fhógairt go raibh airgead éigin áit éigin tar éis a chruinniú leis an toscaireacht ó na hallaí pobail. Tá fadhbanna ollmhóra acu toisc go bhfuil a n-ioncam imithe go huile is go hiomlán toisc na coláistí samhraidh a bheith curtha ar ceal i mbliana toisc Covid-19. Ní ceist na foirgnimh a choimeád amháin an t-aon fhadhb atá ann. Tá seans nach mbeidh airgead ann an t-árachas agus na costais reatha eile a íoc. Is í sin an cheist. D'admhaigh an tAire Stáit nach bhfuil stór airgid ag an Roinn chun déileáil leis sin.

Cén uair a bhunófar ciste sa Roinn a mbeidh na hallaí seo timpeall na nGaeltachtaí in ann iarratais a chur isteach air chun a gcostais reatha, mar shampla, árachas, athchóiriú agus slándáil, a chlúdach chun déanamh cinnte go mbeidh siad ann arís an bhliain seo chugainn do na coláistí samhraidh?

Tuigim gur fadhb dheacair í seo. Tugann an earnáil seo, a bhfuil luach measta ar thimpeall €50 milliún go bliantúil don gheilleagar sna réigiúin Ghaeltachta bainteach leis, foinse luachmhair ioncaim do na teaghlaigh Ghaeltachta maraon le tairbhe níos leithne do na pobail Ghaeltachta.

Is ciste éigeandála aon uair ar fiú €4.7 milliún chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht atá i gceist. Tógadh an cinneadh seo tar éis d'fhógair mo Roinn ar 20 Aibreán nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19 ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint. Is beart aon uaire é a bhfuil mar aidhm aige inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú, agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an plean gníomhaíochta don tréimhse ó 2018 go 2022 lena mbaineann.

Mar atá ráite agam, is maith a thuigimid na deacrachtaí atá ag cur as do na hallaí pobail sa Ghaeltacht an samhradh seo mar gheall gurb éigean don Roinn na coláistí Gaeilge a chur ar ceal de bharr na paindéime. Bhí, agus beidh, oifigigh mo Roinne ar fáil chun an cheist a phlé tuilleadh le lucht na hallaí pobail, más gá. Os rud é go bhfuil na coláistí Gaeilge agus na hallaí pobail ag brath ar a chéile, ba dheas a shamhlú go n-aithneoidh lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge gur mar sin atá sa phlé seo ar fad. Beimid i dteagmháil le lucht stiúrtha faoin ábhar go luath.

Barr
Roinn