Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 July 2020

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna (51)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

51. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cérd iad na tosaíochtaí a bheidh aici chun an Ghaeilge a láidriú mar theanga an phobail sa nGaeltacht i rith a téarma in oifig; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17309/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá tosaíochta an Rialtais maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht leagtha amach sa Chlár Rialtais a foilsíodh lé déanaí.

Tugann an Rialtas nua aitheantas do thábhacht na Gaeilge mar chéad teanga an stáit, mar theanga bheo agus mar chuid dá n-oidhreacht. Táimid diongbháilte, ní hamháin go mbeadh amharc níos fearr ar an teanga ach freisin go láidreofaí a húsáid laethúil mar theanga pobail. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas agus agam féin go mbeidh daoine arb í an Ghaeilge a chéad teanga cumhachtaithe mar shaoránaithe. Tabharfaidh an Rialtas seo agus mise mar Aire, cumhdach do cheantair Gaeltachta agus déanfar iad a chaomhnú sa treo is go bhfanfaidh siad mar chroí-lár den teanga bheo.

Leanfar le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus leis na spriocanna ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta atá leagtha amach sa Plean Gníomhaíochta 2018-2022 a foilsíodh i Meitheamh 2018. Foilseofar an chéad tuarascáil maidir le dul chun cinn an phlean sin go luath.

I measc na rudaí faoi leith atá luaite sa Phlean atá ag imirt tionchar dearfach cheana féin ar an nGaeltacht, tá an próiseas pleanála teanga, tacaíochtaí mo Roinne agus Údarás na Gaeltachta agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta. Leanfaidh mo Roinn agus mise mar Aire ag brú na nithe seo chun cinn. Cheana féin, tá 18 plean teanga faofa ag mo Roinn do cheantair Ghaeltachta agus tá sé mar aidhm go mbeidh an 8 gcinn eile faofa laistigh de bhliain.

Maidir le gnóthaí airgeadais, tá maoiniú suntasach curtha ar fáil le haghaidh ghnóthaí Gaeltachta agus Gaeilge do 2020. Cheana féin, tá fógartha go mbeidh:

infheistíocht bhreise ar fiú €500,000 é don phróiseas pleanála teanga a chinnteoidh go dtógfar ar an obair mhaith atá ar siúl faoin bpróiseas cheana féin;

ardú de €1m nó 11% ar sholáthar caipitil Údarás na Gaeltachta chun cur tuilleadh lena chumas a chlár oibre a chur chun cinn ar leas na Gaeltachta agus,

€200,000 breise do mhaoiniú na gcomharchumann Gaeltachta.

Agus mé ag tosú amach i mo théarma oifige, tá i gceist agam tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin ar mhaithe le bunsraith níos láidre a thabhairt don teanga sa Ghaeltacht agus chun a chinntiú go láidreofar í mar ghnáththeanga labhartha na réigiún sin.

Barr
Roinn