Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 July 2020

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna (59)

Pearse Doherty

Ceist:

59. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil plean ag a Roinn chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’Ionaid Phobail sa Ghaeltacht atá ag cailleadh amach ar airgead a saothraíodh a bhuí le Colaistí Samhraidh Gaeltachta, a bhí in ainm is a bheith ar siúl an samhradh seo, a bheith curtha ar ceal. [17397/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Aithníonn mo Roinn gur tréimhse dúshlánach í seo do pobal na Gaeltachta i gcoitinne agus go mbeidh easnamh mór sa gheilleagar de dheasca Covid-19.

D'fhógair mo Roinn le gairid go raibh ciste éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht. Tagann an tionscnamh seo tar éis gur fhógair mo Roinn ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Is beart aon uaire é a bhfuil mar aidhm aige inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus an Plean Gníomhaíochta 2018–2022 lena mbaineann.

Faoin gciste cobhsaithe atá fógartha, cuirfear tacaíocht ar fiú suas le €3.1m é i dtreo údaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí agus cuirfear €1.6m ar fáil chun tacú leis an 700 teaghlach Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín deimhnithe ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Maidir leis na hallaí pobail, is tríd a cuid scéimeanna caipitil a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil do phobail áitiúla chun áiseanna pobail agus chaitheamh aimsire a fhorbairt.

Cé nach bhfuil aon scéim ná ciste ag mo Roinn faoina bhféadfaí cúnamh reatha a chur ar fáil do hallaí agus ionaid phobail, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh caipitil a chur ar fáil faoina Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga ar leas na hallaí agus ionaid pobail.

Chas oifigigh mo Roinne le toscaireacht ó hallaí pobail i nGaeltacht Chonamara an tseachtain seo caite agus pléadh na hábhair imní atá acu. Beidh an scéal ar fad á choinneáil faoi bhreithniú ag mo chuid oifigigh agus tuigim go bhfuil beartaithe cruinniú eile a shocrú roimh dheireadh na míosa.

Barr
Roinn