Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Wednesday, 22 Jul 2020

Written Answers Nos. 47-59

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Ceisteanna (48)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

48. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici tacaíocht a thabhairt don athchomarc atá á lorg ag Comhchumann agus muintir Rath Chairn i gcoinne cead pleanála a bhronn An Bord Pleanála do tithe agus lóistín bheith tógtha san Ghaeltacht acu gan coinníollacha teanga láidir bheith ceangailte leis. [17295/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is ceist don Aire Tithíochta í cúrsaí pleanála trí chéile ar an gcéad dul síos ar ndóigh. É sin ráite, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, tugtar an deis do mo Roinn agus d’Údarás na Gaeltachta tuairimí a thabhairt do na húdaráis phleanála faoi chásanna pleanála a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an nGaeilge sa Ghaeltacht.

Faoi Alt 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, is gá d'údaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram teagmháil a dhéanamh le mo Roinn agus le hÚdarás na Gaeltachta chun a dtuairimí a fháil maidir le forbairtí dar leo a d'fhéadfadh cur isteach ar oidhreacht chultúrtha agus teanga na Gaeltachta.

Maidir leis an gcás pleanála i nGaeltacht Ráth Chairn, tuigtear dom gur chuir mo Roinn aighneacht chuig Comhairle Contae na Mí faoin gcás áirithe seo - i gcomhréir le alt 28 de na Rialacháin - ag moladh go gcuirfí coinníoll leis an gcead a d'fhágfadh gur do lucht labhartha na Gaeilge amháin a mbeadh na tithe a bhí mar ábhar an iarratais pleanála coinnithe. Tuigtear, áfach, gur thug an Bord Pleanála breithiúnas faoin gcás le gairid tar éis achomharc a bheith iarrtha ag an iarratasóir - a rialaigh nach foláir go mbeadh 70% de na tithe coinnithe ar leataobh do lucht labhartha na Gaeilge.

Tuigtear don Roinn go bhfuil an comharchumann sa cheantar ag breathnú ar na féidearthachtaí athbhreithniú breithiúnach a lorg ina leith. Beidh mo Roinn ag coinneáil súil ar an gcás - ós rud é go bhféadfadh impleachtaí a bheith ann do cheantair Ghaeltachta eile dá bharr.

Ar bhonn ginearálta níor mhiste a lua go bhfuil mo Roinn tar éis scríobh cúpla uair le dhá bhliain anuas chuig na húdáráis phleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram chun a gcuid dualgas ina leith a mheabhrú dóibh - go háirithe i gcomhthéacs fhorfeidhmiú an phróisis pleanála teanga a bhfuil bunús reáchtúil aige faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de ar ndóigh go leanfaidh mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta go deimhin ag tapú gach deis a dtugtar di, faoi réir alt 28 de na Rialacháin réamhluaite, chun tuairimí a thabhairt nuair a iarrtar iad faoi réir an Achta, i leith cásanna ábhartha pleanála a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Oideachas Gaeltachta

Ceisteanna (49)

Catherine Connolly

Ceist:

49. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil Campaí Samhraidh Gaeltachta 2020 a n-eagrú de réir an Comhairlre reatha um Sláinte Phoiblí (NPHET); má tá, cén fáth nach bhfuil campaí faoi dhíon ceadaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17384/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bhí an cheist faoi an mbeifí in ann dul ar aghaidh le reáchtáil Scéim na gCampaí Samhraidh ar chor ar bith an samhradh seo idir dhá cheann na meá mar gheall ar Covid-19. Ar mhaithe leis an gcinneadh cuí a dhéanamh faoin ábhar trí chéile iarradh dréacht-prótacal ón eagraíocht Muintearas - atá freagrach as an scéim a riar - ina leagfaí amach an chaoi a mbeadh sé beartaithe acu cúram a dhéanamh de ghnóthaí Covid-19 agus camapí samhraidh ar bun.

Tar éis an prótacal sin a fháil agus a bheith scrúdaithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag mo Roinn araon, rinneadh an cinneadh glacadh lena raibh molta ag Muintearas tairbhe na scéime a theorannú do champaí faoin aer. In éindí leis an gcoinníoll sin, cuireadh roinnt coinníollacha eile leis an gcead ar mhaithe le féachaint chuige go raibh cúram cuí déanta de lucht freastail agus eagraithe na gcampaí chomh maith le foireann Muintearais iad féin mar a bhaineann sé le baol Covid-19.

Tuigfidh an Teachta nach foláir leas sláinte an phobail a chur chun tosaigh i gcónaí agus táim sásta sna tosca reatha gur deineadh é seo mar a bhaineann le an gcoinníoll áirithe seo chun aitheantas faoin scéim a theorannú do champaí faoin aer.

Question No. 50 answered with Question No. 35.

Forbairt na Gaeilge

Ceisteanna (51)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

51. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cérd iad na tosaíochtaí a bheidh aici chun an Ghaeilge a láidriú mar theanga an phobail sa nGaeltacht i rith a téarma in oifig; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17309/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá tosaíochta an Rialtais maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht leagtha amach sa Chlár Rialtais a foilsíodh lé déanaí.

Tugann an Rialtas nua aitheantas do thábhacht na Gaeilge mar chéad teanga an stáit, mar theanga bheo agus mar chuid dá n-oidhreacht. Táimid diongbháilte, ní hamháin go mbeadh amharc níos fearr ar an teanga ach freisin go láidreofaí a húsáid laethúil mar theanga pobail. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas agus agam féin go mbeidh daoine arb í an Ghaeilge a chéad teanga cumhachtaithe mar shaoránaithe. Tabharfaidh an Rialtas seo agus mise mar Aire, cumhdach do cheantair Gaeltachta agus déanfar iad a chaomhnú sa treo is go bhfanfaidh siad mar chroí-lár den teanga bheo.

Leanfar le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus leis na spriocanna ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta atá leagtha amach sa Plean Gníomhaíochta 2018-2022 a foilsíodh i Meitheamh 2018. Foilseofar an chéad tuarascáil maidir le dul chun cinn an phlean sin go luath.

I measc na rudaí faoi leith atá luaite sa Phlean atá ag imirt tionchar dearfach cheana féin ar an nGaeltacht, tá an próiseas pleanála teanga, tacaíochtaí mo Roinne agus Údarás na Gaeltachta agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta. Leanfaidh mo Roinn agus mise mar Aire ag brú na nithe seo chun cinn. Cheana féin, tá 18 plean teanga faofa ag mo Roinn do cheantair Ghaeltachta agus tá sé mar aidhm go mbeidh an 8 gcinn eile faofa laistigh de bhliain.

Maidir le gnóthaí airgeadais, tá maoiniú suntasach curtha ar fáil le haghaidh ghnóthaí Gaeltachta agus Gaeilge do 2020. Cheana féin, tá fógartha go mbeidh:

infheistíocht bhreise ar fiú €500,000 é don phróiseas pleanála teanga a chinnteoidh go dtógfar ar an obair mhaith atá ar siúl faoin bpróiseas cheana féin;

ardú de €1m nó 11% ar sholáthar caipitil Údarás na Gaeltachta chun cur tuilleadh lena chumas a chlár oibre a chur chun cinn ar leas na Gaeltachta agus,

€200,000 breise do mhaoiniú na gcomharchumann Gaeltachta.

Agus mé ag tosú amach i mo théarma oifige, tá i gceist agam tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin ar mhaithe le bunsraith níos láidre a thabhairt don teanga sa Ghaeltacht agus chun a chinntiú go láidreofar í mar ghnáththeanga labhartha na réigiún sin.

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Ceisteanna (52)

Pearse Doherty

Ceist:

52. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil plean ar bith ag a Roinn chun maoiniú a chur ar fáil do Rannóg Gaeilge Ollscoil Uladh i gcampas Mhic Aoidh i nDoire; an mbeadh sí toilteanach casadh leis an Rannóg leis seo a phlé; agus an mbeidh sí sásta comhoibriú leis an Aire Oideachais agus Scileanna ar an ábhar seo. [17398/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is iad aidhmeanna an Chiste d'Ollscoileanna Idirnáisiúnta dea-thoil i leith na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn taobh amuigh den Stát, trasna na hEorpa, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus níos faide ó bhaile agus ardán a chur ar fáil ionas gur féidir teacht ar an nGaeilge agus í a chur i lár an aonaigh mar theanga idirnáisiúnta. Cruthaíonn sé seo tuiscint níos fearr ar an teanga agus ar chultúr na hÉireann lasmuigh den Stát agus cothaíonn sé naisc idir Éirinn agus na tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí lonnaithe. Chomh maith leis sin, cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir.

Faoi láthair, tá mo Roinn ag maoiniú cúrsaí Gaeilge in os cionn 40 institiúidí tríú leibhéal idirnáisiúnta agus tá súil againn cur leis seo sna blianta amach romhainn.

Cé go bhfuil an ciste dírithe go príomhá ar institiúidí nach bhfuil suite ar oileán na hÉireann, ach teagmháil a bheith déanta ag údaráis Ollscoil Uladh le mo Roinn, bheinn sásta iarraidh ar oifigigh mo Roinne casadh leo chun an cheist atá ardaithe ag an Teachta a phlé.

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Ceisteanna (53)

Mairéad Farrell

Ceist:

53. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil plean ag a Roinn chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’Ionaid Phobail sa Ghaeltacht atá ag cailleadh amach ar airgead a saothraíodh a bhuí le Colaistí Samhraidh Gaeltachta, a bhí in ainm is a bheith ar siúl an samhradh seo, a bheith curtha ar ceal. [17403/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Aithníonn mo Roinn gur tréimhse dhúshlánach í seo do pobal na Gaeltachta i gcoitinne de dheasca Covid-19.

D'fhógair mo Roinn le gairid go raibh ciste éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht. Tagann an tionscnamh seo tar éis gur fhógair mo Roinn ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Faoin gciste cobhsaithe atá fógartha, cuirfear tacaíocht ar fiú suas le €3.1m é i dtreo údaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí agus cuirfear €1.6m ar fáil chun tacú leis an 700 teaghlach Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín deimhnithe ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Maidir leis na hallaí pobail, is tríd a cuid scéimeanna caipitil a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil do phobail áitiúla chun áiseanna pobail agus chaitheamh aimsire a fhorbairt.

Cé nach bhfuil aon scéim ná ciste ag an Roinn faoina bhféadfaí cúnamh reatha a chur ar fáil do hallaí agus ionaid phobail, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh caipitil a chur ar fáil faoina Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga ar leas na hallaí agus ionaid pobail.

Chas oifigigh mo Roinne le toscaireacht ó hallaí pobail i nGaeltacht Chonamara le gairid agus pléadh na hábhair imní atá acu. Beidh an scéal ar fad á choinneáil faoi bhreithniú ag mo chuid oifigigh agus tuigim go bhfuil beartaithe cruinniú eile a shocrú go luath.

Forbairt na nOileán

Ceisteanna (54)

Catherine Connolly

Ceist:

54. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an pholasaí atá beartaithe do na hoileáin agus cén uair a bheidh an polsaí sin foilsithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17383/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, bhunaigh an Rialtas coiste idir-Rannach do na hoileáin i mí Iuil 2019 agus, ag eascairt as cruinnithe den choiste seo, aontaíodh ar phlean oibre chun polasaí oileánda a ullmhú.

Mar chuid den phróiseas seo, réitíodh agus foilsíodh plépháipéar le hionchur ó na ranna stáit éagsúla. Leag an plépháipéar amach eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil do na hoileáin cheanna féin a bheadh mar áis don phróiseas comhairliúchán.

Ó mhí Eanáir ar aghaidh, d'eagraigh oifigigh ó mo Roinn sraith cruinnithe comhairliúcháin chun deis a thabhairt do phobail na n-oileán a gcuid tuairimí faoin bpolasaí agus faoi riachtanais na n-oileán a nochtadh.

Go dtí seo, tionóladh cruinnithe ar aon oileán dhéag mar seo a leanas:

Oileáin

Dáta

Inis Arcáin

9 Eanáir 2020

Faoide

10 Eanáir 2020

Baoi

10 Eanáir 2020

An t-Oileán Mór

17 Eanáir 2020

Inis Oírr

22 Eanáir 2020

Inis Mór

29 Eanáir 2020

Inis Meáin

30 Eanáir 2020

Inis Uí Dhrisceoil

7 Feabhra 2020

Inis Fada

7 Feabhra 2020

Cléire

7 Feabhra 2020

Árainn Mhór

13 Feabhra 2020

B'éigean do mo Roinn an próiseas comhairliúcháin phoiblí a chur ar athló de bharr na géarchéime COVID-19. Socrófar cruinnithe ar na hoileáin eile a luaithe agus is féidir.

Is próiseas cuimsitheach comhairliúcháin atá ar siúl agus is í an chéad chéim eile sa phróiséas ná cruinnithe a thionól le páirtithe leasmhara eile, eagrais agus Ranna Stáit san áireamh, a chuireann seirbhísí ar fáil do na hoileáin.

Question No. 55 answered with Question No. 43.

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Ceisteanna (56)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

56. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fhoilseoidh sí Bille na dTeangacha Oifigiúla athuair; agus an bhfuil sé i gceist aici deileáil le na bearnaí ollmhór aithinte san dréacht a d'fhoilsigh an Rialtas deirí. [17293/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, foilsíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i Nollaig 2019. Tuigim go maith an tábhacht atá leis an mBille seo do phobal labhartha na Gaeilge.

Tá teagmháil déanta le mo Roinn ag páirtithe leasmhara cheana féin, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge san áireamh, lena gcuid moltaí maidir leis an mBille. Agus mé ceaptha i mo ról mar Aire Stáit na Gaeltachta anois, tá rún agam cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht go luath agus táim ag súil leis an deis a thapú cruinniú a shocrú leis an gCoimisinéir Teanga ag an tráth sin chun a chuid moltaí maidir leis an mBille a neartú a phlé. Táim ag súil le casadh le Conradh na Gaeilge chuige sin chomh maith.

Táthar ag súil leis an mBille a thabhairt ar ais os comhar na Tithe go luath sa bhfómhar agus go mbeidh deis ag Teachtaí ag an tráth sin a gcuid moltaí féin maidir len é a neartú a chur chun cinn.

Mar atá geallta sa Chlár Rialtais, ba mhaith liom go mbeadh an Bille achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Gaeltacht Policy

Ceisteanna (57)

Duncan Smith

Ceist:

57. Deputy Duncan Smith asked the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht her plans to sustain business and jobs in the Gaeltacht and the islands in view of the fact phased plans for reopening the economy have been delayed; and if she will make a statement on the matter. [17401/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

As the Deputy knows, my Department works in partnership with Údarás na Gaeltachta, the regional authority established in 1980, which is tasked with the economic, social and cultural development of the Gaeltacht, including Gaeltacht islands.

I wish to assure the Deputy that Údarás na Gaeltachta are working alongside Government Departments and other State Agencies on a cohesive approach to sustain their client companies and job creation during the COVID-19 crisis.

In that regard, a number of initiatives/measures have been put in train and these include the Advisory & Supports Plan, originally issued in March 2020 and regularly updated since, describes the financial and consultancy supports available to Údarás na Gaeltachta client companies and community organisations in the Gaeltacht.

There is a range of supports available to Gaeltacht companies to support and improve their businesses at this time including the Online Trading Scheme, Business Continuity Voucher, COVID19 Business Financial Planning Grant, Lean Business Continuity Voucher, Be Ready Grant, Act on Initiative Scheme, Mentoring Scheme and Finance in Focus Scheme.

Individual contact is also being maintained with client companies most affected to assist them accessing the appropriate supports.

In order to further underpin this work, client companies of Údarás na Gaeltachta will be able to access the full range of supports under the Sustaining Enterprise Fund. An initial amount of €5m is being made available through Údarás na Gaeltachta, working in close co-operation with Enterprise Ireland who are administering the fund nationally.

This is in addition to the recently announced extra funding of €0.6m secured by my Department to enable Údarás na Gaeltachta to administer the Trading Online Voucher Scheme in the Gaeltacht.

Insofar as small businesses in Gaeltacht regions and on the islands are concerned, I would also encourage them to apply for the Government’s €250m Restart Grant Fund, providing direct grant-aid to micro and small businesses through the local authorities. The support, in the form of direct grant-aid, is aimed at helping micro and small businesses with the costs associated with reopening and re-employing workers following COVID-19 closures. The grant can be used to defray ongoing fixed costs, e.g., utilities and insurance or for replenishing stock and for measures needed to ensure employee and customer safety.

Finally, I should point out that the July stimulus package will further help to alleviate the significant challenges arising from Covid-19 across the economy.

Arts Policy

Ceisteanna (58)

James O'Connor

Ceist:

58. Deputy James O'Connor asked the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht her plans to increase the provision of affordable workspaces for artists and creative practitioners in County Cork. [17290/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Late last year, a new €4.7m capital investment scheme was launched for arts and culture centres across the country. Applications were invited for the Cultural Capital Scheme 2019-2022 and the closing date was in January. The Scheme focuses on enhancing the existing stock of arts and culture centres that operate as not-for-profit organisations throughout the country and that have a clearly defined arts and culture focus.

This scheme has a particular emphasis on the reduction of carbon footprints to dovetail with the Government’s action on climate change. The Scheme builds on the success of the Arts and Culture Capital Scheme 2016-2018 which saw grants allocated to 134 organisations in 26 counties to refurbish and enhance their facilities. This funding is provided from a €40m capital investment allocation for local arts and culture infrastructure contained in Project Ireland 2040 “Investing in our Culture, Language & Heritage 2018-2027'. There were three schemes with

* Stream A offering grants up to €50,000 for small enhancement/expansion/ refurbishment projects which may involve construction works to arts and culture facilities and/or upgrading of equipment.

* Stream B will offer grants from €50,000 up to €300,000 for larger enhancement /expansion/ refurbishment projects involving construction works to arts and culture facilities.

* Stream C is a separate scheme aimed at the upgrading of visual artists’ workspaces. Applications for this Stream were managed by Visual Artists Ireland.

While Stream C is dedicated to artist's' workspaces, applications were also allowed under Streams A and B in respect of artists' workspaces. It is hoped that the results of the scheme will be announced over the coming months.

The Arts Council operates a number of schemes and initiatives which have been established for the particular support of visual arts, including the Visual Artists Workspace Scheme. This scheme is funded by the Arts Council and is administered on its behalf by Visual Artists Ireland. The purpose of the Visual Artists Workspace Scheme is to support artists’ workspaces throughout the country to provide the best possible working environment for visual artists and, where feasible, to enable a level of subsidy for the artists working in these spaces. I understand that under this scheme, Visual Artists Ireland invites applications for grants of up to a maximum of €40,000 towards running costs such as light, heat, rent, artists’ development programmes, administration and/or appropriate salary costs. A small proportion may be directed toward essential maintenance and equipment expenditure. Practical information in relation to the Visual Artists Workspace Scheme may be accessed on the Visual Artists Ireland website.

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Ceisteanna (59)

Pearse Doherty

Ceist:

59. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil plean ag a Roinn chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’Ionaid Phobail sa Ghaeltacht atá ag cailleadh amach ar airgead a saothraíodh a bhuí le Colaistí Samhraidh Gaeltachta, a bhí in ainm is a bheith ar siúl an samhradh seo, a bheith curtha ar ceal. [17397/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Aithníonn mo Roinn gur tréimhse dúshlánach í seo do pobal na Gaeltachta i gcoitinne agus go mbeidh easnamh mór sa gheilleagar de dheasca Covid-19.

D'fhógair mo Roinn le gairid go raibh ciste éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht. Tagann an tionscnamh seo tar éis gur fhógair mo Roinn ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Is beart aon uaire é a bhfuil mar aidhm aige inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus an Plean Gníomhaíochta 2018–2022 lena mbaineann.

Faoin gciste cobhsaithe atá fógartha, cuirfear tacaíocht ar fiú suas le €3.1m é i dtreo údaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí agus cuirfear €1.6m ar fáil chun tacú leis an 700 teaghlach Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín deimhnithe ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Maidir leis na hallaí pobail, is tríd a cuid scéimeanna caipitil a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil do phobail áitiúla chun áiseanna pobail agus chaitheamh aimsire a fhorbairt.

Cé nach bhfuil aon scéim ná ciste ag mo Roinn faoina bhféadfaí cúnamh reatha a chur ar fáil do hallaí agus ionaid phobail, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh caipitil a chur ar fáil faoina Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga ar leas na hallaí agus ionaid pobail.

Chas oifigigh mo Roinne le toscaireacht ó hallaí pobail i nGaeltacht Chonamara an tseachtain seo caite agus pléadh na hábhair imní atá acu. Beidh an scéal ar fad á choinneáil faoi bhreithniú ag mo chuid oifigigh agus tuigim go bhfuil beartaithe cruinniú eile a shocrú roimh dheireadh na míosa.

Barr
Roinn