Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 July 2020

Tuesday, 28 July 2020

Ceisteanna (310)

Catherine Connolly

Ceist:

310. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta soiléiriú a thabhairt maidir le stádas Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe; cén dáta a fhoilseofar é [19136/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá plean teanga Chathair na Gaillimhe curtha faoi bhráid mo Roinne ag Foras na Gaeilge agus á bhreithniú faoi láthair.

Ach an plean a bheith faofa agam faoi réir fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012, rachfar i dteagmháil le Foras na Gaeilge, atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an scéal sa chás seo, chun na socruithe ábhartha a chur ar bun le haghaidh an plean a chur i bhfeidhm.

Barr
Roinn