Is cuid thábhachtach d'oidhreacht an Stáit iad cúrsaí turasóireachta, cultúir, spóirt agus Gaeltachta, agus is cinnte go raibh siad buailte mar thoradh ar COVID 19. Ó thárla an ghéarchéim, bíonn teagmháil leanúnach ag oifigigh mo Roinne leis na hoifigigh chuí faoin tionchar a d’fhéadfadh an ghéarchéim a imirt ar hearnáil seo. Tá agus beidh teagmháil leanúnach ag mo Roinn leis na heagraíochtaí maoinithe agus páirtithe leasmhara agus muid ag dul i ngleic le COVID 19.
Mar is eol don Teachta, fógraíodh réimse cruthaitheach de thacaíochtaí agus deontais d'earnálacha Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta na hÉireann an tseachtain seo caite. Tá na sonraí mar a bhaineann siad le mo Roinn ar fáil anseo: https://www.chg.gov.ie/ga/jobsstimulus/.