Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Covid-19 Pandemic

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 September 2020

Tuesday, 8 September 2020

Ceisteanna (1486)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1486. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Oileán cén uair a dhéanfar cinneadh ar achomharc ar iarratas a rinneadh faoin scéim dar teideal Covid-19: Stability Scheme for Community and Voluntary, Charity and Social Enterprise Organisations (sonraí tugtha); cén fáth ar diúltaíodh don iarratas sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21699/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an Rialtas ar an eolas faoi na dúshláin atá roimh an bpobal agus eagraíochtaí deonacha agus tá sé tiomanta d'oibriú go dlúth leis an earnáil chun na dúshláin sin a bhainistiú, agus tuigeann go mbeidh cur chuige uile Rialtais de dhíth le dul i ngleic leo.

Tá sé i gceist le Ciste Cobhsaíochta na hEarnála Pobail agus Deonaí Covid-19 instealladh airgid spriocdhírithe aon uaire a chur ar fáil d'eagraíochtaí agus do ghrúpaí atá ag cur seirbhísí túslíne ríthábhachtacha ar fáil i láthair na huaire do na daoine is mó sa tsochaí a bhfuil siad ag teastáil uathu agus atá i mbaol a ndúnta de bharr go bhfuil ioncam a bailíodh nó ioncam trádáilte caillte acu mar thoradh díreach ar na srianta a cuireadh i bhfeidhm le stop a chur le scaipeadh COVID-19.

Cuirfear maoiniú suas le €35 milliún ar fáil faoin gciste seo trí Chiste na gCuntas Díomhaoin (DAF) agus tá na critéir ag teacht le cuspóirí DAF chun tacú le:

1. Forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta; nó

2. Forbairt oideachais daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachais; nó

3. Daoine faoi mhíchumas.

Fuarthas breis is míle iarratas agus rinneadh iad a mheas agus a chur in ord tosaíochta ar bhonn riachtanais.

Is é bunsprioc Chiste Cobhsaíochta COVID 19 cuidiú le fiontair incháilithe pobail agus dheonacha, carthanais agus shóisialta a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu mar gheall go bhfuil laghdú ar an teacht isteach atá acu ó fheachtais bailiúcháin airgeadais agus / nó ar ioncam trádáilte mar thoradh díreach ar phaindéim COVID-19. Luadh i gcritéir na scéime go mbeadh aon deontas a bhronnfaí ag brath ar an riachtanas a aithníodh agus rinneadh eagraíochtaí a fuair maoiniú a chur i ord tosaíochta bunaithe air sin.

Sa chomhthéascs sin, measadh go raibh foinse suntasach agus seasmhach ioncaim ag eagraíochtaí a fhaigheann 80% nó níos mó dá maoiniú ó fhoinsí Stáit sa tréimhse a bhí á meas, mar go bhfuil an maoiniú sin fós á chur ar fáil ag an Stát.

Faraor, níor éirigh le roinnt eagraíochtaí maoiniú a fháil mar gheall ar roinnt údar. Maidir le cás na heagraíochta atá i gceist, cinneadh, cé go bhfuil an eagraíocht ag cur seirbhís luachmhar ar fáil do mhuintir na háite, níl sí ag cur seirbhísí ríthábhachtacha túslíne, mar a bhí liostáilte i gcritéir na scéime, ar fáil mar bhunghníomhaíocht. Chomh maith leis sin, bunaithe ar an eolas a chuir an eagraíocht atá i gceist ar fáil mar chuid dá hiarratas, go bhfuil an eagraíocht ag fáil níos mó ná 80% dá cuid maoinithe ó fhoinsí Stáit agus faraor, ní bheadh sí incháilithe do mhaoiniú faoi Scéim Cobhsaíochta COVID19.

Tuigim go bhfuil díomá ar roinnt eagraíochtaí faoin toradh, nó go bhféadfadh go bhfuil tuilleadh eolais nó eolas cothrom le dáta acu a mhaith leo é a athbhreithniú. Is mar gheall air sin go bhfuil Próiseas Achomharc don Scéim Cobhsaíochta ann, agus cuireadh sin in iúl do gach iarrthóir nár éirigh leo. Tuigim go bhfuil an eagraíocht atá i gceist rannpháirteach faoi láthair sa phróiseas achomharc agus táim ag súil go mbeidh cinneadh deiridh déanta ina leith go luath.

Barr
Roinn