Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 September 2020

Tuesday, 8 September 2020

Ceisteanna (1489)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1489. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Oileán cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó scoil (sonraí tugtha) faoi scéim CLÁR 2020 (Beart 1) de bharr na práinne a bhaineann leis an obair atá le déanamh taobh amuigh den scoil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21721/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is iad na hÚdaráis Áitiúla a chuireann iarratais faoi Bheart 1 agus faoi Bheart 2 de chlár CLÁR ar aghaidh chuig mo Roinn. I mbliana, tugadh cuireadh do gach Údarás Áitiúil a bhfuil réimsí sannta CLÁR ag teacht faoina gcúram suas le 10 n-iarratas a dhéanamh in éineacht faoi Bheart 1 agus faoi Bheart 2 den chlár.

Ba é an 28 Lúnasa an dáta deiridh chun iarratais a fháil faoi na Bearta sin. Cé gur chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe 10 n-iarratas ar aghaidh faoi na Bearta atá i gceist, ní raibh aon iarratas san áireamh iontu maidir leis an scoil a bhfuil an Teachta ag tagairt di.

B'fhéidir gur mhaith leis an Teachta teagmháil a dhéanamh le Comhairle Chontae na Gaillimhe lena fháil amach an raibh iarratas faighte acu ón scoil atá i gceist.

Barr
Roinn