Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 September 2020

Tuesday, 8 September 2020

Ceisteanna (361)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

361. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta cad é an líon daoine, de réir coláiste, a d’fhreastail ar Choláistí Samhraidh sa Ghaeltacht in 2019, is rud atá luaite i dTuarascáil Feidhmíochta na Seirbhíse Poiblí, 2019; agus cad é an maoiniú a tugadh do gach uile choláiste acu sin as an Státchiste. [21911/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar mhaithe le tacú leis na deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta do scoláirí dara leibhéal agus do mhic léinn tríú leibhéal ó áiteanna ar fud na tíre, atá mar thaca ginearálta le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn trína n-íoctar fóirdheontas laethúil le teaghlaigh Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na coláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim. Íoctar deontas laghduithe má tá lóistín curtha ar fáil i mbrú nó coláiste cónaithe.

Leagtar amach sa tábla thíos an líon scoláirí a d'fhreastal ar chúrsaí a bhí aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2019 agus na deontais a d'íoc an Roinn i leith lóistín faoin Scéim in 2019.

Coláiste

Íocaíochtaí Teaghlaigh/Brúanna 2019

Líon Scoláirí 2019

Mhachaire Rabhartaigh, Gort a'Choirce

€107,400.00

563

Bhríde, Rann na Feirste

€150,410.00

1,102

Coláiste An Phiarsaigh, Dún Lúiche

€62,300.00

449

Bhun an Inbhir, Na Doirí Beaga

€29,610.00

139

Loch an Iúir, Anagaire

€119,840.00

664

Aoidh Mhic Bhricne, Teileann, An Charraig

€19,660.00

212

Árainn Mhór, Oileán Árainn Mhór

€146,790.00

700

Coláiste Na Rosann, Anagaire

€19,000.00

498

Chara, Cill Chartha

€7,560.00

54

Chú Chulainn, Gaoth Dobhair

€47,840.00

502

na bhFiann, Gaoth Dobhair

€22,200.00

111

Acadamh na hOllscoileachta Gaeilge, Gaoth Dobhair

€58,070.00

437

ERASMUS Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair

€13,906.00

14

Iomlán - Dún na nGall

€804,586.00

5,445

Acla, Acaill

€109,800.00

1,059

Mhaigh Eo, Ceathrú Thaidhg

€36,960.00

264

Uisce, Cuan Eilí*

€98,525.00

1,195

Uisce, Eachléim

€110,200.00

760

Iomlán - Maigh Eo

€355,485.00

3,278

Chamuis, An Tulach

€89,410.00

423

Chamuis, Tealta na hÓige & Halla Ros a'Mhíl

€200,300.00

967

Chamuis, Camus

€59,380.00

285

Sheosaimh, Carna

€149,950.00

866

Chiarain, An Cheathrú Rua

€164,200.00

849

Cholumba, An Cheathrú Rua

€115,890.00

845

Chonnacht, An Spidéal

€115,950.00

649

O Direáin, Inis Mór, Árainn

€45,220.00

215

Laichtín Naofa, Inis Oírr, Árainn

€70,280.00

374

Neasáin, Inis Oírr, Árainn

€4,650.00

31

Gaeilge, Inis Meáin, Árainn

€9,660.00

55

Lurgan, Indreabhán

€425,370.00

2,065

na nOileán, Tír an Fhia

€127,010.00

850

na bhFiann, Ros Muc

€65,010.00

353

Spleodar, Corr na Móna

€49,060.00

246

Spleodar, Leitir Mealláin

€129,630.00

586

Spleodar, Rosmuc

€78,350.00

391

Spleodar, Camus

€30,580.00

156

Spleodar, Leitir Móir

€80,290.00

414

Spleodar , Tir an Fhia, Leitir Móir

€29,920.00

151

Uí Chadhain, Na Minna, Indreabhán

€87,340.00

435

Naomh Éanna, An Spidéal

€51,730.00

492

Gharumna, Leitir Móir

€2,670.00

34

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua

€84,230.00

606

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna

€32,800.00

246

IARBHUNSCOILEANNA AR OILEÁIN ÁRAINN (Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Eoin, Inis Meáin, Coláiste Ghobnait , Inis Oirr)

€123,363.00

30

ERASMUS Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua

€42,330.00

30

ERASMUS Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna

€15,062.00

16

Iomlán - Gaillimh

€2,479,635.00

12,660

Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh

€125,670.00

869

Chorca Dhuibhne, Na Muirí

€95,820.00

645

Chorca Dhuibhne, Ceann Trá

€64,100.00

436

Chorca Dhuibhne, Feothanach

€74,360.00

468

Chorca Dhuibhne, Mináird

€18,000.00

122

Chorca Dhuibhne, Coláiste Íde*

€26,575.00

312

Chorca Dhuibhne, Pobalscoil Chorca Dhuibhne

€49,420.00

393

Chorca Dhuibhne, Ollscoil Chorcaí

€4,690.00

67

ERASMUS Gaeltachta, Ollscoil Chorcaí, Coláistí Chorca Dhuibhne

€18,445.00

16

Bhréanainn, Baile an Bhuineánaigh*

€15,720.00

184

Iomlán - Ciarraí

€492,800.00

3,512

Na Mumhan, Baile Átha'n Ghaorthaidh*

€31,170.00

319

Phobail Chléire, An Sciobairín

€18,080.00

132

Samhraidh, Gleann Maghair*

€10,020.00

171

Iomlán - Corcaigh

€59,270.00

622

na Rinne, Port Láirge*

€125,720.00

1,258

Iomlán - Port Láirge

€125,720.00

1,258

na bhFiann, Rath Cairn

€44,600.00

257

Iomlán - An Mhí

€44,600.00

257

Móriomlán 2019

€4,362,096.00

27,032

*Brú nó coláiste cónaithe

Barr
Roinn