Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 9 September 2020

Wednesday, 9 September 2020

Ceisteanna (205)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

205. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Leanaí, Míchumais, Comhionannais agus Lánpháirtíochta cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an aosa óig lasmuigh de chúrsaí réamhscolaíochta. [22798/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Creidim go bhfuil a lán luacha ag baint le tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhísí i nGaeilge do leanaí óga. Tá ról tábhachtach ag naíonraí agus naíolanna, go háirithe maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo.

De réir taighde, is éasca do leanaí teanga nua a fhoghlaim sna blianta is luaithe. Má chabhraímid le leanaí óga a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt agus iad sa réamhscoil, beidh sé mar leas dóibh agus iad ag aistriú chuig an scoil. Is féidir le seo athbheochan na Gaeilge a chumasú i bpobail. Mar sin, is é i gcomhthéacs na reamhscoileanna a dhírigh mo Roinn an chuid is mó dá saothar.

Cuireann mo Roinn a lán tacaíocht ar fáil chun cabhrú le seirbhísí foghlama agus cúraim na luath-óige lán-Ghaeilge a chuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge.

Rinne mo Roinn a lán oibre in éineacht leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun sraith chuimsitheach gníomhartha a shocrú faoin bPlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018-2022.

Tacaíonn na gníomhartha seo leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 uileghabhálach, agus dearadh iad chun an tábhacht a bhaineann le suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige a dheimhniú maidir le forbairt agus athbheochan an Ghaeilge a spreagadh. Tá sé mar aidhm ag na gníomhartha seo cur leis na bearta, na tacaíochtaí agus na comhpháirtíochtaí atá ann go dtí seo i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige lán-Ghaeilge, agus na tacaíochtaí agus na seirbhísí sin a fheabhsú a thuilleadh.

Is príomhghníomh é i mBeartas na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le hOideachas Gaeltachta 2017-2022 ná an soláthar oideachais luathbhlianta a neartú agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do shuíomhanna luathbhlianta sa Ghaeltacht a dhaingniú. Is iad an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige atá freagrach go príomha as an ngníomh seo a chur i bhfeidhm.

Is é TUSLA rialtóir na Luathbhlianta. Cuireann TUSLA agus an tSeirbhís Forbartha Cáilíochta Tús Níos Fearr seirbhísí ar fáil don earnáil trí Ghaeilge agus tá siad ag leanúint chun a seirbhís Ghaeilge a fheabhsú. Cinntíonn mo Roinn freisin go bhfuil acmhainní Gaeilge ar fáil do sheirbhísí lán-Ghaeilge.

Sheol mo Roinn An chéad 5, Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh go déanach in 2018. Istigh ann, tá dhá ghníomh dírithe go speisialta le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an Ghaeilge san earnáil foghlama agus cúraim na luath-óige.

Is éard atá i gceist leis na gníomhartha seo ná a chinntiú go bhfuil rochtain ag leanaí sa Ghaeltacht ar sheirbhísí luathfhoghlama i nGaeilge, agus córais a fhorbairt chun tacaíochtaí Gaeilge a sholáthar do sheirbhísí ina bhfuil líon mór leanaí ag foghlaim trí Ghaeilge.

Barr
Roinn