Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 September 2020

Tuesday, 15 September 2020

Ceisteanna (318)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

318. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta an mbíonn aon dualgas ar Ranna rialtais daoine a earcú ón bpainéal d’Oifigigh Feidhmiúchain le Gaeilge, seachas leas a bhaint as an ngnáthphainéal d’Oifigigh Feidhmiúcháin; agus cén iarrachtaí atá á ndéanamh aici chun cinntiú go dtiocfaidh méadú ar líon na státseirbhíseach a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu. [23821/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is faoin Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá sé polasaithe a leagan síos maidir le hearcaíocht don tseirbhís phoiblí.  É sin ráite, tá sé mar chuspóir i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 go mbeidh 20% de na daoine nua a earcófar don seirbhís phoiblí innniúl sa Ghaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Táthar ag súil leis an mBille seo a thabhairt ar ais os comhar na Tithe go luath agus mar atá geallta sa Chlár Rialtais, ba mhaith liom go mbeadh an Bille achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Barr
Roinn