Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 September 2020

Thursday, 24 September 2020

Ceisteanna (112)

Mairéad Farrell

Ceist:

112. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta ainneoin nach féidir mionsonraí faoi dhíolcháin ar leith a thabhairt, an ndearnadh luacháil neamhspleách, gairmiúil de réir an ghnáth-chleachtais ar ocht bhfoirgneamh agus ceithre phíosa talún a dhíol Údarás na Gaeltachta i gcondae na Gaillimhe le deich mbliana anuas, de réir mar a nochtadh i gCeist Pharlaiminte Uimhir 347 ar an 8ú Meán Fómhair 2020; ar fógróidh na díolacháin áirithe seo go poiblí; an bhfuil sí den tuairim gur cheart d'Údarás na Gaeltachta bheith i dteagmháil le coistí pobail áitiúla nó leis an chomhairle contae ábhartha maidir le riachtanais tithíochta sa cheantar agus talamh nó foirgnimh á ndíol acu; agus an bhfuil cead Bhord an Údaráis ag teastáil le talamh nó foirgnimh a dhíol agus ar tugadh cead maidir leis na sócmhainní luaite anseo. [26038/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Macasamhail comhlachtaí poiblí eile, díolann Údarás na Gaeltachta maoin agus sócmhainní eile ó am go ham de réir polasaithe agus treoirlínte Stáit. Déantar díolacháin dá leithéid a thuairisciú agus a nochtadh go cuí i ráitis airgeadais bhliantúil na heagraíochta.

Leagann an tábla thíos amach an mhaoin lonnaithe i gContae na Gaillimhe a dhíol Údarás na Gaeltachta le deich mbliana anuas. Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta gur cheadaigh bord na heagraíochta gach díolachán liostáilte thíos de réir an nós imeachta cuí. Cé nach bhfuil sonraí na gceannaitheoirí aonaracha agus na díolacháin nochtaithe de bharr íogaireacht rúndachta, pearsanta agus tráchtála an eolais, tá sonraí dearbhaithe ag Údarás na Gaeltachta maidir le sonraí an nós imeachta a leanadh agus próifíl an cheannaitheora i ngach cás.

Tá ceantair Ghaeltachta lonnaithe i gcuid de na háiteacha is áille ar domhan, ceantracha tuaithe agus scoite amach don chuid is mó. Ní sholáthraíonn an earnáil phríobháideach áiseanna cuí gnó sna ceantair tuaithe seo áit a bhfuil an margadh maoine tráchtála lag i gcomparáid le margaí tráchtála i gceantair uirbeacha ar fud na tíre. Tá an múnla gnó atá ag Údarás na Gaeltachta do na ceantair seo le 40 bliain anuas ag déileáil le agus ag freagairt don gcliseadh margadh shoiléir seo sa gcomhthéacs seo. Tá an talamh agus maoin atá in úinéireacht Údarás na Gaeltachta riachtanach do chruthú poist sna ceantair seo agus chun pobail teanga inbhuanaitheach agus inmharthanach a chinntiú. Dá bhrí sin leanann sé go bhfuil punann maoine Údarás na Gaeltachta riachtanach i gcónaí d’inbhuanaitheacht na Gaeltachta agus tá úsáid an phunainn dírithe ar chruthú poist sa chéad áit.

Seoladh

Cur síos

Modh díolacháin - próifíl an cheannaitheora

Lochán Beag, Indreabhán

Talamh

Fógraíodh ar an margadh oscailte – díolta ar chonradh príobháideach le duine aonair

Baile an tSléibhe, Ros an Mhíl

Teach

Fógraíodh ar an margadh oscailte – díolta ar chonradh príobháideach le duine aonair

An Cheathrú Rua

Teach

Fógraíodh ar an margadh oscailte - díolta ag ceant le duine aonair

An Cheathrú Rua

Teach

Fógraíodh ar an margadh oscailte – díolta ar chonradh príobháideach le duine aonair

Cill Chiaráin

Aonad Gnó

2 Luacháil neamhspleách - díolta ar chonradh príobháideach le cliaintchomhlacht

Inis Mór

Aonad Gnó / Monarcha

2 Luacháil neamhspleách - díolta ar léas fad téarmach le cliaintchomhlacht

Inis Mór

Aonad Gnó / Monarcha

Fógraíodh ar an margadh oscailte - níor tháinig aon tairiscint. Luacháil neamhspleách déanta, tairiscint ó eagraíocht pobail glactha do thionscnamh fiontar sóisialta - díolachán ar chonradh príobháideach

An Cheathrú Rua

Aonad Gnó

2 Luacháil neamhspleách – díolta ar léas fad téarmach le cliaint chomhlacht

Ros an Mhíl

Talamh

2 Luacháil neamhspleách – díolta ar léas fadtéarmach le cliaint chomhlacht

An Fhairche

Talamh

Spéis léirithe ag eagraíocht charthanachta idirnáisiúnta - luacháil neamhspleách faighte, socrú speisialta déanta leo chun togra carthanachta a ligeann chun cinn – díolachán ar léas fadtéarmach

An Spidéal

Teach

Fógraíodh ar an margadh oscailte - díolta ar chonradh príobháideach le duine aonair

An Cheathrú Rua

Aonad Gnó

2 Luacháil neamhspleách - díolta ar léas fadtéarmach le heagraíocht pobail

Barr
Roinn