Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Caipitiúil

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 September 2020

Wednesday, 30 September 2020

Ceisteanna (97)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

97. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta céard iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh aici chun a chinntiú go mbeidh hallaí pobail sna ceantair Ghaeltachta in ann costais reatha, árachas, agus billí eile nach bhfuil clúdaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga nó faoi chúnamh caipitil, a íoc, nuair a chuirtear i gcuntas nach raibh aon ioncam acu i mbliana, toisc gur chuir an Rialtas na coláistí samhraidh ar ceal; cathain a chuirfidh sí ciste reatha ar fáil dóibh; agus an bhfuil aon phlean tarrthála aici do na hallaí pobail seo. [27694/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Aithníonn an Roinn gur tréimhse dhúshlánach í seo do phobal na Gaeltachta i gcoitinne de dheasca Covid-19 agus gur buille tromchúiseach a bhí ann do hallaí pobail sa Ghaeltacht ós rud é gur chaill cuid mhaith díobh an foinse ioncaim bliantúil a bhíonn acu ó bheith ag cur a gcuid áiseanna ar fáil do na coláistí Gaeilge.

Chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht d’fhógair mo Roinn ag tús an tsamhraidh go raibh ciste éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m á chur ar fáil.  Tháinig an tionscnamh seo tar éis gur fhógair mo Roinn ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht sa samhraidh de bharr srianta Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Ag aithint ar ndóigh go bhfuil rath chóras na gcoláistí agus na n-ionad pobail sa Ghaeltacht ag brath ar a chéile, chas oifigigh mo Roinne le toscaireacht ó hallaí pobail i nGaeltacht Chonamara cúpla mí ó shin agus pléadh na hábhair imní atá acu. Bheartaigh an toscaireacht sin teagmháil a dhéanamh le lucht na gColáistí ábhartha féachaint an bhféadfaidís cuidiú leo. 

Tuigtear dom go bhfuil idirbheartaíocht ar bun i gcónaí idir lucht stiúrtha hallaí pobail agus coláistí Gaeilge faoi leith.  Tá an scéal á choinneáil faoi bhreithniú ag mo chuid oifigigh agus eagrófar cruinniú eile leis an toscaireacht chomh luath agus a bheidh cinneadh déanta ag na coláistí ar fad.

Is tríd a cuid scéimeanna caipitil a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil do phobail áitiúil chun áiseanna pobail agus chaitheamh aimsire a fhorbairt. Cé nach bhfuil aon scéim ná ciste ag an Roinn faoina bhféadfaí cúnamh reatha a chur ar fáil do hallaí agus ionaid phobail, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh caipitil a chur ar fáil faoina Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga ar leas na hallaí agus ionaid pobail.

Barr
Roinn