Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 September 2020

Wednesday, 30 September 2020

Ceisteanna (99)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

99. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta an féidir léi a rá an bhfuiltear den tuiscint in a Roinn gur gá tabhairt faoin mbearna sa mhaoiniú poiblí a chuirfear ar fáil do TG4 don bhliain 2021 agus atá tuartha a bheith os cionn €4 milliún, ionas go mbeidh TG4 in ann an straitéis 2018-2022 atá comhaontaithe le hÚdarás Craolacháin na hÉireann a chomhlíonadh; agus cad iad na céimeanna atá glactha aici agus ag a Roinn chun déileáil leis an mbearna sin. [27696/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

An státchiste den chuid is mó a dhéanann maoiniú ar TG4 agus faigheann sé roinnt ioncaim tráchtála. Ba ionann an maoiniú poiblí sin in 2020 agus €37.2m, agus bhí sin comhdhéanta de €34.2m i maoiniú reatha agus €3m i maoiniú caipitil.

Tá maoiniú breise curtha ar fáil do TG4 le roinnt blianta anuas.  Cuireadh €2m sa bhreis (€1m reatha agus €1 caipiteal) ar fáil sa bhliain 2018. Ina theannta sin, leithdháileadh deontas aon uaire €985,000 chomh maith i leith Bhliain na Gaeilge. 

Leithdháileadh maoiniú reatha breise €443,000 in 2019 agus cuireadh maoiniú caipitil breise €1m ar fáil in 2020.

Déanfar an maoiniú státchiste atá le tabhairt do TG4 sa bhliain 2021 a chinneadh mar chuid den phróiseas meastachán.  Beidh mé ag dul i mbun plé le mo chomhghleacaí an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le ceanglais maoiniúcháin mo Roinne don bhliain 2021.

Barr
Roinn