Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 October 2020

Thursday, 1 October 2020

Ceisteanna (30)

Pearse Doherty

Ceist:

30. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta cé na pleananna atá beartaithe ag an Rialtas maidir le tithíocht agus pleanáil tí sa Ghaeltacht, chun cuidiú le teaghlaigh bogadh ar ais chuig an nGaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27369/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, is cúram don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil, agus na húdaráis áitiúla atá faoina stiúr, cúrsa tithíochta trí chéile lena n-áirítear tithíocht agus pleanáil tí sa Ghaeltacht.  Is i gcomhréir leis na forálacha ábhartha san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 mar a bhaineann siad le gnóthaí cosanta agus caomhnaithe teanga sa Ghaeltacht a bhíonn mo Roinn ag feidhmiú.

Agus é sin ráite, aithnítear a thabhachtaí is atá sé, i bhfeidhmiú na mbearta agus na bpolasaithe éagsúla atá idir lámha ag an Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta araon cheana féin, timpeallacht chuí atá inmharthanach i dtéarmaí na teanga a chothú sna ceantair Ghaeltachta a mheallfaidh teaghlaigh len iad féin a lonnú sa Ghaeltacht

Sa chomhthéacs sin, luafainn, mar shampla, an obair cheannródach atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta faoina bhfuil líonra de 31 mol nuálaíochta agus digiteach le ceangal ardluais leathanbhanda acu, á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair ar fud na Gaeltachta.  Cuirfidh na moil dhigiteacha gteic seo líonra bríomhar d’áiseanna leathanbhanda ardluais ar fáil i gceantair tuaithe Ghaeltachta chun:

- cruthú post a chothú

- cabhrú le cianobair

- filleadh dhiaspóra na Gaeltachta a spreagadh agus a chumasú

- forbairt coincheapanna, cruathaitheacht agus an nuálaíocht a spreagadh 

Leis na forbairtí seo, tabharfar deis do phobal na Gaeltachta, sa bhaile agus i gcéin, filleadh ar a gceantar dúchais nó cónaí ann trí dheiseanna cianoibre a chur ar fail.

Níl amhras ar bith, go mbeidh na moil nuálaíochta seo, agus iad fud fad na Gaeltachta, na hoileáin san áireamh, mar chuid lárnach den éiceachóras digiteach chun tacú le hinbhuanaitheacht phobal na Gaeltachta.

Luafainn chomh maith céanna an obair atá idir lámha faoi láthair i nGaeltacht Chiarraí Theas. Tá Uíbh Ráthach i nGaeltacht Chiarraí Theas ina eiseamláir leis na céimeanna uaillmhianacha atá á dtógáil chun daoine a mhealladh chun cónaí a bheith orthu sa cheantar. Tá tascfhórsa idirghníomhaireachta bunaithe faoi scáth na Roinne agus an Údaráis chun cabhrú leis an gceantar seo a athnuachan, agus iad anois ag iarraidh margaíocht a dhéanamh ar an gceantar mar áit chónaithe, oibre agus chun gnó a dhéanamh ann. 

Mar chuid d'obair an tascfhórsa, tá sonraí á chur le chéile den tithíocht, spásanna fiontraíochta agus oifigí atá ar fáil sa cheantar i dtreo croíchuspóir an phlean a fhíorú; is é sin daonra cónaithe lán-aimseartha a mhéadú agus chun cur le líon na bpostanna agus na ngníomhaíochtaí atá sa cheantar.

Bheifí ag súil leis go bhféadfadh torthaí an tsaothair seo trí chéile a bheith curtha chun fónaimh ag gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara ábhartha mar a bhaineann sé rianú a dhéanamh ar cad atá indéanta i gceantair eile chun tuilleadh maolaithe a dhéanamh ar bhánú tuaithe.

Barr
Roinn