Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 October 2020

Thursday, 1 October 2020

Ceisteanna (401)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

401. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil i gceist aige ardú a chu ar an íocaiocht ANC do na hoileáin amach ón gcosta i mbliana de bharr an costas mór breise a thit ar fheilmeoirí na n-oileán i mbliana a raibh orthu beathú beithíoch a thabhairt isteach de bharr an triomach a bhí ar na hoileáin agus an fhadhb a bhí ag feilmeoirí ar na hoileáin beithigh a dhíol amach ó na hoileáin de bharr srianta Covid-19; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27997/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tháinig Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) in áit Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste in 2015.  Nuair a tugadh isteach Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha ainmníodh tailte ar oileáin amach ón gcósta ina Limistéir faoi Shrianta Sonracha i gcomhréir le forálacha Airteagal 32 de Rialachán AE 1305/2013.  Tugadh isteach tacaíocht spriocdhírithe nua ag rátaí íocaíochta níos airde ar thalamh ar oileáin amach ón gcósta de bhrí an ainmnithe sin.

Is mar a leanas na rátaí atá iníoctha le tailte suite ar oileáin amach ón gcósta:

Ainmniú an Limistéir

Rátaí atá Iníoctha

Limistéar atá Iníoctha

Limistéir faoi Shrianta Sonracha (Feirmeoireacht Oileáin)

€250.00

Suas go dtí an chéad 20 heicteár agus an chéad 20 heicteár san áireamh i Limistéir faoi Shrianta Sonracha nó cuid de

€170.00

Níos mó ná 20 heicteár nó níos lú ná nó cothrom le 34 heicteár i Limistéir faoi Shrianta Sonracha

€70.00

Níos mó ná 34 heicteár nó níos lú ná nó   cothrom le 40 heicteár i Limistéir faoi Shrianta Sonracha

Tugadh isteach na híocaíochtaí seo mar aitheantas do na dúshláin a bhíonn ar fheirmeoirí atá ag déanamh a gcuid feirmeoireachta ar thalamh oileáin aghaidh a thabhairt orthu gach aon lá mar chuid dá gnáthghnó feirmeoireachta.  Tugtar na saincheisteanna sin le fios sna híocaíochtaí reatha d'oileáin amach ón gcósta, agus is €250 an heicteár an ráta is airde, ardú suntasach i gcomparáid leis an ráta €148 an heicteár atá iníoctha i gCatagóir 1 ar thalamh atá suite ar an mór-thír.

Ardaíodh an buiséad iomlán don Scéim ANC i mBuiséad 2018 agus i mBuiséad 2019 faoi €48 milliún ar fad, agus is ionann an t-iomlán reatha agus €250 milliún. Níl sé beartaithe faoi láthair na rátaí íocaíochta a leasú ar fud na gcatagóirí éagsúla talún laistigh den scéim.

Cuireadh tús le híocaíochtaí faoi Scéim ANC 2020 i lár mhí Mheán Fómhair, mar a bhí beartaithe.  Táim sásta a dheimhniú gur ardú suntasach a bhí sna híocaíochtaí a bronnadh ar 86,000 feirmeoir sa chéad tráinse i gcomórtas le híocaíochtaí a bronnadh ar 79,000 feirmeoir sa chéad tráinse in 2019.  Tá sraitheanna rialta íocaíochtaí i bhfeidhm chun íocaíochtaí a chur ar fáil i gcásanna de réir mar a cheadaítear iad d'íocaíochtaí, agus €187.2 milliún a bhí íoctha le hos cionn 87,000 feirmeoir amhail an 25 Meán Fómhair.

English Version

The Areas of Natural Constraints (ANC) Scheme replaced the Disadvantaged Areas Scheme in 2015.  With the introduction of the ANC scheme, the lands situated on offshore islands were designated as Areas of Specific Constraints in accordance with the provisions of Article 32 of EU Regulation 1305/2013.  This designation thus introduced a new targeted support at higher payment rates for off shore island land.

 The rates payable to lands situated in offshore islands are as follows:

Area Designation

Payment Rates

Payable Area

Areas of Specific Constraints (Island Farming)

€250.00

Up to and including the first 20 hectares of Areas of   Specific Constraints or part thereof

€170.00

Greater than 20 hectares or less than or equal to 34    hectares of Areas of Specific Constraints

€ 70.00

Greater than 34 hectares or less than or equal to 40    hectares of Areas of Specific Constraints

The introduction of these payments to farmers who are farming island land was in recognition of the challenges that those farmers cope with on a daily basis as part of their normal farming business.  The current payment rates for off shore island reflect these issues, and the maximum rate of €250 per hectare is thus significantly higher than the maximum rate of €148 per hectare payable on Category 1 land situated on the mainland.

 The total budget for the ANC Scheme was increased in Budget 2018 and 2019 by a total of €48 million, bringing it to its current total of €250 million. It is not currently proposed to amend the payment rates across the various categories of land within the scheme.

 Payments under the 2020 ANC Scheme commenced on schedule in mid September.  I am happy to confirm that the first tranche of payments issued to 86,000 farmers which was a significant increase on the 79,000 farmers paid in the first tranche in 2019.  Regular pay runs are in place to pay cases as they become clear for payments, and as of 25 September a total of €187.2 million has issued to over 87,000 farmers.

Barr
Roinn