Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fostaíocht sa Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 October 2020

Thursday, 1 October 2020

Ceisteanna (43)

Mairéad Farrell

Ceist:

43. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta céard atá déanta ag a Roinn chun cuideachtaí a mhealladh go hEastát Tionscail na Tulaí i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe; an bhfuil imní uirthi faoi líon na bpost a cailleadh san eastát sin le blianta beaga; agus cén plean atá ag a Roinn chun cúrsaí tionscail san eastát a athbheochan agus cuideachtaí eile a spreagadh chun athlonnú ann. [26836/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tosaíodh ar fhorbairt eastáit tionscail ar an Tulaigh i 1983 mar acmhainn luachmhar de chuid Údarás na Gaeltachta mar a bhaineann sé fostaíocht a chruthú agus gnóthaí a mhealladh chuig ceantar na Tulaí.

Le beagnach 40 bliain anuas tá fostaíocht leanúnach curtha ar fáil do phobal Chonamara ag comhlachtaí de gach cineál ar eastát na Tulaí agus is mar sin atá sa lá atá inniu ann chomh maith. Fearacht gach ceantair eile cosúil leis an Tulaigh, bíonn méadú agus laghdú fostaíochta le sonrú ann i rith an ama - de réir mar a athraíonn cúinsí.

Mar léiriú air seo, b'údar díomá do chách é gurbh éigean don chomhlacht Planet Payments (Fintrax), scaoileadh le scór fostaithe dá chuid de bharr tionchar COVID-19 ar a ghnó. Ar an lámh eile, bhí deá-scéala ann le seachtain anuas go raibh HID Global Ireland Teo. le formhór an líon suntasach fostaithe atá acu ar an bpáirc ghnó sa Tulaigh a choinneál ansin don tréimhse seo romhainn.

Tá sé dearbhaithe ag Údarás na Gaeltachta chomh maith go bhfuil siad ag obair as lámh a chéile le pobal an cheantair, le comhlachtaí agus gnóthaí áitiúla chun an fhostaíocht ar an eastáit ann a bhuanú i rith na tréimhse corraithí seo. I gcomhar le pobal an cheantair, tuigtear go bhfuil an tÚdarás ag féachaint le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bPáirc Ghnó chun gur féidir áiseanna den scoth a fhorbairt a bheadh ar fáil do ghnóthaí ar mhian leo tosú amach nó lonnú sa cheantar.

Tuigim chomh maith go mbeidh infheistíocht shuntasach á déanamh ag Údarás na Gaeltachta in infreastruchtúr an eastáit sna míonna agus blianta seo romhainn a chuimseoidh athchóiriú foirgnimh ann, uasghrádú a dhéanamh ar an gcóras séarachais, chomh maith le hoibreacha cothabhála eile.

De thoradh an méid sin, tá an tÚdarás dóchasach go mbeidh siad in ann tacú tuilleadh le deiseanna fiontraíochta agus fostaíochta a chothú i gceantar na Tulaí, rud a bheidh ar leas an cheantair trí chéile.

Barr
Roinn