Tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bpléitear an tábhacht atá leis an nGaeilge a chur chun cinn i ngach réimse den ghnó mar chuid den phlé a ndéanann an tÚdarás le cliantchomhlachtaí dá chuidse i dtaca le gnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht.
Tugtar le fios do na cliantchomhlachtaí go bhfuil tacaíocht an Údaráis coinníollach ar phlean teanga a aontú agus a chur i bhfeidhm, agus léirítear dóibh chomh maith an raon tacaíochtaí atá ar fáil ina leith.
Bíonn teagmháil rialta ag feidhmeannaigh an Údaráis leis na cliantchomhlachtaí chun dul i bhfeidhm ar lucht bainistíochta sna comhlachtaí agus tuairiscítear go mbíonn tionchar dearfach ar a gcuid oibre.
Mar chuid den phróiseas pleanála teanga, tá deis ann don Údarás agus do na pobail áitiúla a léiriú do na cliantchomhlachtaí an tionchar gur féidir leo a imirt ina Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de agus a chur ina luí orthu go bhfuil ról tábhachtach acu i bpróiseas na pleanála teanga.
Seo a leanas líon na bpleananna teanga a aontaíodh nó a athbhreithníodh i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ó 2016 go data:
Bliain
|
Líon Pleananna / Cliantchomhlachtaí
|
2016
|
70
|
2017
|
35
|
2018
|
74
|
2019
|
91
|
2020 (go dáta)
|
18
|