Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 October 2020

Thursday, 1 October 2020

Ceisteanna (47)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

47. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta an bhfuil coinníollacha teanga i bpleanáil tithíochta agus forbartha sna ceantair Ghaeltachta pléite aici leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, nó an bhfuil sé i gceist aici iad a phlé; cé na céimeanna atá i gceist aici chun pleanáil teanga agus pobal na Gaeilge a chosaint i gcúrsaí pleanála agus forbartha sna ceantair Ghaeltachta. [27398/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil scríofa ag mo Roinn chuig na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlinse ar roinnt ócáidí thar na blianta chun a mheabhrú dóibh a gcuid dualgais maidir leis an nGaeilge a mheabhrú dóibh.  Tapaíonn mo Roinn na deiseanna a tugtar di aighneachtaí a sheoladh chuig údaráis pleanála maidir le forbairtí tithíochta a bhféadfadh tionchar ar úsáid teanga a imirt i gceantar Gaeltachta. 

Níos túisce i mbliana, chuir mo Roinn aighneacht chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le hathbhreithniú atá á dhéanamh acu ar na treoirlínte d'údaráis pleanála inar leag sí béim ar na dúshláin a fheictear bheith ag baint leis an ábhar seo go ginearálta.

Tuigimse féin agus mo Roinn an tábhacht a bhaineann le tionchar teanga bheith tógtha san áireamh i dtaobh forbairtí tithíochta i gceantar Gaeltachta agus leanfaimid ag tapú deiseanna é sin a chur in iúl do na húdaráis pleanála.

Barr
Roinn