Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 October 2020

Thursday, 1 October 2020

Ceisteanna (64)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

64. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta cá bhfuil na dréacht-chaighdeáin teanga do Bhille na dTeangacha Oifigiúla a gealladh sa Chlár Rialtais laistigh de thrí mhí ó bunaíodh an Rialtas nua; agus é ráite aici agus ag an Aire Stáit go bhfuil leasuithe ag teastáil sula n-achtófar Bille na dTeangacha Oifigiúla, cé na lochtanna atá sa Bhille, a bhí os comhair na Dála deiridh, atá i gceist acu iad a leasú sula n-achtófar é. [27396/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá gealltanas sonrach tugtha i gClár an Rialtais seo, go ndéanfar Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a achtú roimh dheireadh na bliana seo.

Le hachtú an Bhille seo, tá i gceist, mar chuid de, go ndéanfar deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga agus córas nua a chuir i bhfeidhm ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin teanga a leagan síos do na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an Achta.  Tá oifigigh mo Roinne i mbun dréachtú na gcaighdeán seo i láthair na huaire.

Rinneadh an Bille a fhoilsiú i Nollaig 2019 agus is é príomhchuspóir an bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa seirbhís phoiblí a mhéadú.  Tá mé ag súil an Bille a thabhairt ar ais os comhar na dTithe, ag céim ag dó, áit a mbeidh deis ag an Teach an Bille a phlé agus moltaí maidir le leasuithe a chur chun cinn.

Barr
Roinn