Tuigim go maith an tábhacht atá leis an mBille seo, a foilsíodh i Nollaig 2019, do phobal labhartha na Gaeilge.
Tá teagmháil déanta le mo Roinn ag páirtithe leasmhara cheana féin, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge san áireamh, lena gcuid moltaí maidir leis an mBille. Ag eascairt as na teagmhálacha sin, bhí cruinniú agam féin leis na páirtithe leasmhara céanna le déanaí chun a gcuid moltaí a phlé.
Táthar ag súil leis an mBille a thabhairt ar ais os comhar na dTithe, ag an dara céim, go gairid. Mar atá geallta sa Chlár Rialtais, tá i gceist go mbeadh an Bille achtaithe roimh dheireadh na bliana.