Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cistiúchán Roinne

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 November 2020

Thursday, 19 November 2020

Ceisteanna (58)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

58. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil i gceist aici airgead a chur ar fáil ón a Roinn le feabhas a chur ar bhonneagar na Gaeltachta ar nós bóithre, céanna srl; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36564/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá na scéimeanna faoina mbíodh cúnamh airgid á chur ar fáil ag an Roinn do na húdaráis áitiúla ábhartha den chuid is mó, chun athchóiriú a dhéanamh ar bhóithre agus céanna beaga Gaeltachta ar fionraí le tamall de bhlianta anois.

Níl sé beartaithe na scéimeanna sin a athmhúscailt ag an bpointe seo.

Is faoi na húdaráis áitiúla ábhartha a bhaineann an fhreagracht maidir le cothabháil a dhéanamh ar shaoráidí poiblí atá faoina gcúram.

Barr
Roinn