Pearse Doherty
Ceist:60. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi aon phlean ag an Roinn faoi láthair maidir le colaistí samhraidh sa Ghaeltacht i 2021; an bhfuil maoiniú curtha ar leathtaobh do mná agus fir tí muna bhfuil na cúrsaí sin a reachtail mar gheall ar Covid-19; an bhfuil an Aire sásta cinnteacht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a bhíonn ag brath ar na cúrsaí seo go mbeidh cúiteamh ar fáil daofa muna dtéann na cúrsaí ar aghaidh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37336/20]
Amharc ar fhreagra