Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 December 2020

Tuesday, 8 December 2020

Ceisteanna (529)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

529. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cad iad na céimeanna atá á nglacadh aici le cinntiú go mbeidh Gaeilge ag na breithiúna ar fad a cheapfar le freastal ar na Cúirteanna Dúiche agus na Cúirteanna Cuarda sna ceantair ar fad a bhfuil Gaeltacht iontu, mar atá leagtha amach san Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [42053/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhforáiltear mar a leanas in alt 44 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924):

‘Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d’áireamh, beidh ag an mBreitheamh Cuarda, a ceapfar d’aon Chuaird ina bhfuil an Ghaedhilg in úsáid ghenerálta, oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta o fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin.’

Tá foráil den tsamhail sin maidir le Breithiúna den Chúirt Dúiche in alt 71 d’Acht sin 1924, chomh maith: 

‘Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d’áireamh, beidh ag an mBreitheamh den Chúirt Dúithche, a ceapfar do Dhúthaigh ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg in úsáid ghenerálta, oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta o fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin.’

Faoi alt 16(1) d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995, tá ar dhaoine ar mian leo go ndéanfaí iad a mheas chun a gceaptha chuig oifig bhreithiúnachta é sin a chur in iúl, i scríbhinn, don Bhord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúna, trí fhoirm iarratais don Chúirt iomchuí a líonadh isteach. Tá ‘Scileanna Teanga’ mar cheannteideal ar Roinn 5 den fhoirm sin. Cuireann gach iarratasóir in iúl, ar dtús, ‘An féidir leat cás a stiúradh i nGaeilge?’ agus, ina dhiaidh sin, ‘An féidir leat fianaise a thugtar i nGaeilge a thuiscint?’

Nuair a bhíonn folúntas in oifig bhreithiúnachta, nó sula dtagann folúntas den chineál sin chun cinn, is amhlaidh go n-iarraimse, mar Aire, ar an mBord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúna ainmneacha na ndaoine go léir a chuir in iúl don Bhord gur mhian leo go ndéanfaí iad a mheas lena gceapadh chun na hoifige breithiúnachta sin a chur isteach, agus cuireann an Bord ainmneacha daoine ar aghaidh a molann siad lena gceapadh. 

Ar bhaill an Bhoird Chomhairligh um Cheapacháin Bhreithiúna tá Uachtarán na Cúirte Cuarda agus Uachtarán na Cúirte Dúiche araon. Chuaigh mo Roinnse i gcumarsáid le hOifigí na beirte Uachtarán sin, faoi seach, i mí Iúil i mbliana, i ndáil le sannadh Breithiúna do Chuarda ina bhfuil ceantair ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ghinearálta agus do Dhuichí ina bhfuil líomatáistí ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ghinearálta, faoi seach.

Tá reachtaíocht á hullmhú agam i láthair na huaire chun an córas um cheapacháin bhreithiúna a athchóiriú. Foráilfear leis an reachtaíocht sin go mbeidh ar na cuspóirí a dtabharfar aird orthu, agus daoine á roghnú agus á moladh lena gceapadh chuig oifig bhreithiúnachta, gur ceart daoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar áireamh i gcomhaltas na mbreithiúna.

Barr
Roinn