Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Ceisteanna (106, 107, 108)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

106. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [43870/20]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

107. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [43871/20]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

108. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cad iad na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aige chun iad a réiteach. [43872/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Molaim Ceisteanna Dála 106, 107 and 108 a thabhairt le chéile.

Mar thoradh ar ról na Roinne, níl leibhéal ard de theagmháil ag an Roinn nó ní sholáthraíonn sí scéimeanna ná seirbhísí go díreach le daoine ón bpobal i gcoitinne nó daoine atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta. Mar sin, níl ról ar bith i mo Roinn atá sainaithinte mar ról ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge de dhíth.

Faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Seirbhísí ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí agus faoin gCairt Chustaiméirí, déanann mo Roinn gach iarracht freastal ar dhaoine ar mian leo plé leis an Roinn trí Ghaeilge. Ar mhaithe le cinntiú go gcuirtear na seirbhísí sin ar fail ar bhonn leanúnach, tá bunachar ag an Roinn de hoifigigh atá in ann plé le custaiméirí trí Ghaeilge agus déantar measúnú ar an gcumas Gaeilge atá ag na hoifigigh nua nuair a thosaíonn siad leis an Roinn. Tá 8 baill foirne aitheanta ag an Roinn atá in ann seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fail agus sin 1.75% de bhaill foirne na Roinne. Tá 4 baill foirne nó 1.74% de bhaill foirne na hOifige aitheanta ag an Oifig um Sholáthar Rialtais, atá mar chuid den Roinn seo, atá in ann seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fail.

Comhlíonann mo Roinn le Alt 10 Acht na dTeangacha Oifigiúla ina leagtar síos dualgas go mbeadh an Ráiteas Straitéise, an Tuarascáil Bhliaintúil, aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais, nó aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a fhoilsiú go comhuaineach as Gaeilge agus as Béarla. Tá ócáidí ann nuair a bhíonn raidhse mhór cáipéisí, agus is gá ansin ábhair a chur amach chuig aistritheoirí seachtracha freisin.

Ag caint ar an Státseirbhís ar bhonn níos leithne, bhain go leor dúshlán le cainteoirí Gaeilge a earcú chun folúntais a líonadh sa Státseirbhís agus tá sé sin soiléir ó líon na ndaoine a chuireann isteach ar na comórtais sin. Chuir breis agus 15,000 isteach ar an gcomórtas deireanach do cheapachán mar Oifigeach Cléireachais ach níor chuir ach 250 isteach ar an gcomórtas do dhaoine le Gaeilge. Ar an mbealach céanna leis an gcomórtas do cheapachán mar Oifigeach Feidhmiúcháin, chuir 15,000 isteach ar an gcomórtas ach níor chuir ach 156 ar an gcomórtas do dhaoine le Gaeilge.

Faoi láthair, tá ceithre chúrsa ar fail do bhaill foirne i mo Roinn agus sna ranna uile ó OneLearning, Ionad Forbartha agus Foghlama na Státseirbhíse. Tá na cúrsaí seo á gcur ar fáil ag Gaelchultúr agus na cáilíochtaí á mbronnadh acu ag leibhéal 3,4,5, agus 6 den Chreat Náisiúnta. Tá na cúrsaí seo ar fáil ón mbliain 2018 agus an aidhm a bhíonn leis an oiliúint ná cur ar chumas na rannpháirtithe seirbhís do chustaiméirí a chur ar fáil trí Ghaeilge nuair is gá. Mar atá leagtha síos sa Chlár Rialtais, rachaidh an Roinn i gcomhairle leis an haonaid oiliúna sa Státseirbhís lena fháil amach ar chóir cúrsa Gaeilge nua do thosaitheoirí a chur ar siúl do Státseirbhísigh.

Barr
Roinn