Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Ceisteanna (179)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

179. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [43877/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is iad na príomhghráid sa Roinn atá gafa le seirbhísí a sheachadadh ar phobal na Gaeilge ná na gráid a bhaineann le cigireacht na scoileanna agus le soláthar na seirbhísí síceolaíochta oideachais a chuireann An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil do scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus do Ghaelscoileanna. Tá 26 síceolaí oideachais sa tseirbhís faoi láthair atá inniúil sa Ghaeilge agus a chuireann a gcuid seirbhísí proifisiúnta ar fáil trí Ghaeilge. Tá 58 cigire i Rannán Chigireacht na Scoileanna ag an mbunleibhéal, agus éilítear ar gach duine acu inniúlacht sa Ghaeilge a bheith acu. Ag an iar-bhunleibhéal is speisialtóirí in ábhar-réimsí na cigirí. Is speisialtóirí i nGaeilge iad cúigear agus bíonn obair chigireachta agus seirbhisí comhairleacha trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil ag seisear eile. Is féidir le triúr cigire Luathbhlianta obair chigireachta agus chomhairleach a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i naíonraí.

Ó bunaíodh an Aonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn i 2017, tá seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fáil sa Roinn chun tacú le scoileanna Gaeltachta agus chun an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur i bhfeidhm. Tá foireann de sheisear oifigeach stáit seirbhíse ar an bhfoireann seo.

I dteannta sin tá líon oifigigh i ngrádanna riaracháin atá ábalta plé le fiosrucháin trí mheán na Gaeilge. Faoi láthair, tá 1,408 stáitseirbhíseach fostaithe sa Roinn Oideachais.

Question No. 180 answered with Question No. 178.
Barr
Roinn