Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Ceisteanna (224)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

224. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Coimirce Sóisialaí sainiú a dhéanamh ar na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aici chun iad a réiteach. [43890/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is í mo Roinn an Roinn Rialtais is mó, agus thart ar 6,000 ball foirne inti, agus ráta suntasach iomlaoide foirne ag tarlú inti. Oibríonn mo Roinn leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun deimhin a dhéanamh de thréchur foirne a bhíonn i gcumas plé le custaiméirí trí Ghaeilge.

Mar chuid de phróiseas pleanála mo Roinne maidir lena lucht saothair, agus ionas gur féidir na gealltanais faoi Scéim Teanga na Roinne a chomhlíonadh, déanann an Roinn athbhreithniú, i gcomhairle le Bainisteoirí, ar na háiteanna a mbíonn gá le foireann chun seirbhís a chur ar fáil do chustaiméirí i nGaeilge.

Nuair a tharlaíonn folúntas poist in áit a mbíonn gá le duine a bhíonn dátheangach go feidhmiúil, féachann mo Roinn leis an bhfolúntas a líonadh ó phainéil a bhíonn bunaithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá 190 duine ag fónamh faoi láthair in Oifigí Craoibhe agus Oifigí Roinne araon, atá ar fáil chun seirbhísí trí Ghaeilge, chomh mhaith le seirbhísí trí Bhéarla, a sholáthar

(i mBéarla) My Department is the largest Government Department with approximately 6,000 staff and is experiencing significant staff churn. My Department works with the Public Appointments Service to ensure a throughput of staff capable of dealing with customers through Irish.

As part of my Department’s workforce planning process, and in order to deliver on commitments under the Department’s Irish Language Scheme, the Department, in consultation with managers, reviews the locations where staff are required to provide a service to customers in Irish.

When a post becomes vacant in a location where a functional bi-lingual is required, my Department seeks to have it filled from panels established by the Public Appointments Service. Currently, there are 190 people serving in both Branch Offices and Departmental offices who are available to deliver services through Irish as well as English.

Barr
Roinn