Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Ceisteanna (269, 270, 271)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

269. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [43885/20]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

270. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [43886/20]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

271. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt sainiú a dhéanamh ar na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aici chun iad a réiteach. [43887/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá fúm Ceisteanna Uimh. 269, 270 agus 271 a fhreagairt le chéile.

Tá 27 ball foirne ar fáil ag mo Roinnse chun seirbhísí a sholáthar (ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) as Gaeilge. Formhór na n-oifigeach sin d’fhreastail siad ar chúrsa amháin, ar a laghad, de na 23 chúrsa Gaeilge a reáchtáladh in oifigí na Roinne i mBaile Átha Cliath agus i gCill Airne ó 2006 (bliain tosaigh feidhme Scéim Ghaeilge na Roinne) i leith. Cóiríodh na cúrsaí sin go speisialta d’oifigigh na Roinne, agus bhain siad le labhairt agus le scríobh na Gaeilge araon.

Ina theannta sin, thug – agus tugann – mo Roinn tacaíocht do bhaill foirne ar mian leo freastal ar chúrsaí lasmuigh den Roinn agus do bhaill foirne ar mian leo cúrsaí Gaeilge ar-líne a dhéanamh. Tá Teastas Eorpach na Gaeilge bainte amach ag roinnt oifigeach de chuid na Roinne, agus tá Céim Mháistreachta bainte amach ag oifigeach amháin, mar shampla.

Faoi láthair tá 15 oifigeach ag glacadh páirte, ar leibhéil éagsúla, i gcúrsa an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil atá á chur ar fáil ag Gaelchultúr. Tá iarratais ó 11 oifigeach eile ar mian leo tús a chur le cúrsa, agus ó 4 oifigeach ar mian leo dul ar aghaidh go leibhéal níos airde, á measúnú ó thaobh na hinniúlachta de faoi láthair i gcomhair cúrsaí a bheidh ag tosú in Earrach na bliana seo chugainn. Táimid ag súil leis, trína bhfreastal ar na cúrsaí sin, go gcuirfear le cumas agus le muinín na n-oifigeach sin, ó thaobh labhairt agus scríobh na Gaeilge de, chun freastal ar an bpobal trímheán na Gaeilge.

Gach aon bhliain, le breis is deich mbliana anuas, cuirtear ócáid mhór cheiliúrtha Sheachtain na Gaeilge ar siúl i mo Roinn le deis a thabhairt don fhoireann Gaeilge a labhairt lena chéile agus Gaeilge a chloisteáil.

Tá 2,526 fostaí i mo Roinnse agus sna gníomhaireachtaí atá faoi choimirce na Roinne. Mar is eol don Teachta, déantar baill foirne le haghaidh mo Roinne a earcú tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Maidir le hiarrthóirí a shanntar, ní chuirtear eolas faoina inniúlacht teanga ar fáil do mo Roinn.

Tá post amháin ag mo Roinn, post Aistritheora, a bhfuil sé riachtanach go mbeadh an sealbhóir dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Is é príomhról an Aistritheora ná Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge. Ó thosaigh an obair sin, sa bhliain 2003, tá na bailiúcháin mhóra de na Rialacha Cúirte Dúiche, na Rialacha Cúirte Cuarda agus Rialacha na nUaschúirteanna, mar aon leis an gcuid is mó de na Leasuithe orthu, foilsithe ag mo Roinn. Le cabhair airgid ó Roinn na Gaeltachta, tá an téarmaíocht atá sna bailiúcháin mhóra sin, agus i roinnt de na Leasuithe ar na Rialacha sin, curtha ar fáil don phobal i gcoitinne. Tá téarmaí bailithe as na Rialacha ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus curtha ar fáil acu i bhfoclóirí leictreonacha atá á riaradh acu. Le blianta beaga anuas cuireadh téarmaí Gaeilge ar fáil ar na foclóirí leictreonacha www.focal.ie, www.tearma.ie agus www.gaois.ie a baineadh as na trí mhórbhailiúchán rialacha cúirte, mar atá, Rialacha na nUaschúirteanna, 1986 (1,000+ lch), na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (c. 1,200 lch) agus na Rialacha Cúirte Cuarda, 2001, ach go háirithe.

I dtaca le réimse na seirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Dlí agus Cirt don phobal trí Ghaeilge, seachas na Rialacha Cúirte thuasluaite, faoi mar atá ráite in alt 2.2 de Scéim Ghaeilge na Roinne, ‘is ceart a thabhairt do d’aire nach ndéanann an Roinn, go ginearálta, seirbhísí a sholáthar go díreach don phobal. Tá comhlachtaí ar nós an Gharda Síochána, Chlárlann na Talún, na Seirbhíse Cúirteanna agus Sheirbhís Phríosúin na hÉireann freagrach go ginearálta as seirbhísí a sheachadadh laistigh den chreat beartais atá leagtha síos ag an Roinn. Tá gach ceann de na comhlachtaí sin, mar aon le 16 chomhlacht eile san Earnáil Cheartais agus Chomhionannais, liostaithe mar Chomhlacht Poiblí sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht [i.e. Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003] agus é freagrach as scéim ar leithligh a ullmhú.’

Ba mhaith liom aird an Teachta a dhíriú, chomh maith, ar alt 1.5 den Scéim: ‘D’ainneoin raon leathan a réimsí feidhme, go ginearálta ní sholáthraíonn an Roinn seirbhísí go díreach don phobal ach i roinnt réimsí sonracha. I láthair na huaire, cuireann an Roinn líon teoranta seirbhísí ar fáil go dátheangach. Tá foilseacháin chorparáideacha na Roinne – Ráiteas Straitéise, Tuarascáil Bhliantúil, Cairt an Chustaiméara, doiciméid bheartais agus roinnt Ionstraimí Reachtúla – ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá páipéar ceannteidil na Roinne, cuid dá foirmeacha, dá príomhchomharthaíocht agus dá fógraí réamhthaifeadta teileafóin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Ag brath ar a gcineál agus ar an sprioclucht léite, cuireann an Roinn cuid dá fógráin phreasa i nGaeilge agus i mBéarla.’ Aon chomhfhreagras a fhaightear i nGaeilge freagraítear i nGaeilge é.

I dtaca le pleananna chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus cur le seirbhísí Gaeilge sa bhliain 2021, beidh a fhios ag an Teachta go bhfuilimid ag súil leis go ndéanfar Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, a achtú go luath san Athbhliain. Faoi alt 19A atá le cur isteach in Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 , leis an Acht Leasaithe sin, déanfar caighdeáin teanga a fhorordú a mbeidh feidhm acu maidir le comhlacht poiblí nó maidir le haicme comhlachtaí poiblí – mo Roinnse san áireamh – chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát. Tá an Roinn Dlí agus Cirt ag súil leis na caighdeáin sin a phlé leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán a luaithe agus is féidir an bhliain seo chugainn.

Barr
Roinn