Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Ceisteanna (329, 330)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

329. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [43894/20]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

330. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [43895/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 329 and 330 together.

Tá mo Roinn tiomanta a chinntiú gur féidir custaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge a éascú a mhéid is féidir. Leagtar amach i Scéim Teanga reatha na Roinne a mhéid atá seirbhísí na Roinne ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair, agus aithnítear réimsí le feabhsú sa todhchaí. Is iad seo a leanas samplaí seirbhísí a sheachadtar trí Ghaeilge: Tugtar freagra i nGaeilge ar gach comhfreagras i scríbhinn a chuirtear chuig an Roinn agus tarchuirtear aon cheisteanna teileafóin chuig duine de na baill foirne atá inniúil i nGaeilge; cuirtear gach preasráiteas a eisíonn an Roinn ar fáil i nGaeilge a luaithe is féidir tar éis a eisiúna; foilsítear agus nuashonraítear ábhar gréasáin de réir mar is gá sa dá theanga ag an am céanna agus eisíonn an Roinn fógraí meán sósialta i nGaeilge go rialta chomh maith le gach ábhar treorach sa dá theanga ag an am céanna. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an Scéim Teanga faoi láthair chun an tréimhse 2021-2023 a chlúdach agus seolfar í go luath i 2021 chuig an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán lena ceadú.

Ba é líon na foirne sa Roinn ag deireadh mhí na Samhna 2020 ná 589 Coibhéiseanna Ama Iomlána agus den líon sin, tá 12 bhall foirne nó 2% den líon iomlán in ann a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla. Deirtear i Scéim Teanga reatha na Roinne go n-aithneoidh an Roinn aon phoist a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas dóibh. Ag am a forbartha, d'aithin an Roinn post amháin den sórt sin agus ina dhiaidh sin cheap sí ball foirne don ról sin. Tá céimeanna breise glactha ag an Roinn i mbliana lena chinntiú go gcoinníonn sí croíghrúpa foirne a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu agus d'earcaigh sí go réamhghníomhach beirt bhall foirne a bhfuil inniúlacht Gaeilge acu ag leibhéal an Phríomhoide Cúnta agus an Oifigigh Fheidhmiúcháin. Ag eascairt as sin, níl aon fholúntais sa Roinn faoi láthair i bpoist a éilíonn inniúlacht sa Ghaeilge. Ina theannta sin spreagann an Roinn a foireann chun a scileanna Gaeilge a fheabhsú trí leas a bhaint as cúrsaí Gaeilge arna soláthar ag Gaelchultúr agus thug 10 mball foirne faoi na cúrsaí seo i 2019 agus i 2020.

Barr
Roinn