Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Ceisteanna (365, 366, 367)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

365. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [43882/20]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

366. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [43883/20]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

367. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara sainiú a dhéanamh ar na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aige chun iad a réiteach. [43884/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé i gceist agam ceisteanna parlaiminte 365, 366 agus 367 a fhreagairt in éineacht.

Tá mo Roinn i mbun an phróisis le Scéim Teanga nua Gaeilge a thabhairt chun críche faoi láthair agus foilseofar go gairid í. Féachfar lena chinntiú inár mbeartas earcaíochta, a mhéid is féidir, go mbeidh gach ball foirne in oifigí i gceantair Ghaeltachta in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Beidh riachtanais i dtaobh na Gaeilge agus an Bhéarla, riachtanais a bheidh ar chomhchéim, i gceist le haon chomórtas a bhaineann le poist a bheidh lonnaithe in oifig atá suite i gceantar Gaeltachta. Ach, mar thoradh ar chineál speisialaithe ról áirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeifear in ann post i gceantar Gaeltachta a líonadh más rud é nach ndéanann aon chainteoir Gaeilge cuí-cháilithe iarratas ar an bpost. Féachfaidh mo Roinn lena chinntiú go ndéanfar cruinnithe a reáchtáiltear sa Ghaeltacht a sheoladh i nGaeilge agus cuirfear aistriúchán comhuaineach go Béarla ar fáil, de réir mar is cuí.

Tá sé cinn de phoist sa Roinn sannta faoi láthair ina bpoist ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge de dhíth ina leith agus tá na poist sin lonnaithe den chuid is mó i gceantair Ghaeltachta. 3,745 ball foirne atá sa Roinn faoi láthair agus is ionann sin agus 3,610 coibhéis lánaimseartha agus tá rogha de 24 ball foirne againn atá ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge más gá.

Foilsíonn an Roinn Cuntais Iniúchta nó Ráitis Airgeadais agus aon cháipéis eile ina leagtar amach tograí polasaí i nGaeilge agus i mBéarla faoi láthair. De bhreis ar a hoibleagáidí faoi Alt 10 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, maidir le doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla, foilseoidh an Roinn doiciméid chorparáideacha eile i nGaeilge agus i mBéarla araon, amhail an Chairt Chustaiméara agus an Plean Gníomhaíochta Custaiméara, an Chairt um Chearta le haghaidh Feirmeoirí agus leabhrán Scéimeanna agus Seirbhísí. Foilsíonn an Roinn 100% de phreaseisiúintí na Roinne go dátheangach.

Tá láithreán gréasáin na Roinne, chomh maith le láithreáin aon Roinn déag eile go dtí seo, aistrithe chuig an ardán gov.ie www.gov.ie/agriculture. Cuireann an t-ardán seo ar chumas lucht spéise cáipéisí i nGaeilge nó i mBéarla a fheiceáil. Cuirfidh sin go mór leis an méid eolais atá foilsithe go dátheangach. Fostófar aistritheoir i mí Eanáir chun na scéimeanna agus seirbhísí go léir a chuireann an Roinn ar fáil a aistriú. Déanfar Téarmaí agus Coinníollacha scéimeanna éagsúla a aistriú chomh maith.

Leanfaidh mo Roinn de dheimhin a dhéanamh de gur féidir le custaiméirí a iarrann gnó a dhéanamh i nGaeilge sin a dhéanamh. Tá socruithe oiriúnacha ann a fhágann gur féidir leis an bhfoireann lasc-chláir agus fáiltithe daoine den phobal a chur i dteagmháil, a luaithe is féidir, le hoifigeach a bhfuil Gaeilge aige/aici. Cuireann mo Roinn deis ar fáil do bhaill foirne freisin a bheith páirteach i gcúrsaí Gaeilge.

Chun comhlíonadh na Rialachán a éascú, a mhéid a bhaineann siad le comharthaíocht, cuirfidh mo Roinn aistriúchán Gaeilge ar raon téarmaí úsáideacha ar fáil le haghaidh comharthaí sealadacha a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó bhaill foirne lena gcur ar taispeáint ina n-oifigí.

Críochnaíodh an Dara Céim do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 sa Dáil ar 8 Deireadh Fómhair. Is é príomhchuspóir an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí phoiblí trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa tseirbhís phoiblí a mheadú. Tá tacaíocht an Rialtais faighte roinnt leasuithe a mholadh a láidróidh an Bille. Tá an Rialtas tiomanta an Bhille a bhrú ar aghaidh a luaithe agus is féidir. Beidh Céim an Choiste ag tosú ar an 20 Eanáir.

Ceadaíonn an Bille Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú d’fhonn soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Bunófar an Coiste Comhairleach tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Beidh an Plean Náisiúnta ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe. Déanfar tuairisciú rialta ar an dul chun cinn trí tuairisc gach dara bliain ón Choiste Chomhairligh, a bheidh le cur chuig an Aire, an Coimisinéir Teanga agus le leagan os comhair na Tithe. Tabharfaidh sé seo leibhéal trédhearcacht d’obair an stáit chun soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.

Barr
Roinn