Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Ceisteanna (82)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

82. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [44164/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá mo Roinn tiomanta gach iarracht a dhéanamh freastal ar chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an Roinn trí Ghaeilge de réir théarmaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mar chuid den tseirbhís don phobal, tá Oifigeach Gaeilge ceaptha ag mo Roinn agus oifigigh Roinne aitheanta ar féidir leo seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge.Tá seoladh ríomhphoist tiomnaithe ann freisin chun comhfhreagras leictreonach trí Ghaeilge agus deasc chabhrach teileafóin a éascú chun déileáil le fiosrúcháin ó bhéal.

De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá Scéim Teanga 2018-2021 ullmhaithe agus foilsithe ag an Roinn agus tar éis comhairliúcháin phoiblí le déanaí, tá obair ar siúl faoi láthair ar leagan nua a bheidh ar fáil i 2021.

Críochnaíodh an Dara Céim do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 sa Dáil ar 8 Deireadh Fómhair. Is é príomhchuspóir an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí phoiblí trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa tseirbhís phoiblí a mheadú. Tá tacaíocht an Rialtais faighte roinnt leasuithe a mholadh a láidróidh an Bille. Tá an Rialtas tiomanta an Bhille a bhrú ar aghaidh a luaithe agus is féidir. Beidh Céim an Choiste ag tosú ar an 20 Eanáir.

Ceadaíonn an Bille Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú d’fhonn soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Bunófar an Coiste Comhairleach tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Beidh an Plean Náisiúnta ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe. Déanfar tuairisciú rialta ar an dul chun cinn trí tuairisc gach dara bliain ón Choiste Chomhairligh, a bheidh le cur chuig an Aire, an Coimisinéir Teanga agus le leagan os comhair na Tithe. Tabharfaidh sé seo leibhéal trédhearcacht d’obair an stáit chun soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.

Cuirfidh oifigigh ó mo Roinn moltaí i bhfeidhm a eascróidh as tograí chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú agus a leathnú.

Barr
Roinn