Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Ceisteanna (99)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

99. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Airgeadais sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [43868/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta nach bhfuil aon phoist sa Roinn faoi láthair a n-aithnítear gur poist iad a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge de dhíth ina leith. Gach uair a dtagann folúntas chun cinn, iarrtar ar Bhainisteoirí a thabhairt le fios ar an bhFoirm Iarratais Folúntais an bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas riachtanach don phost sin.

Faoi láthair tá 3 ball foirne aitheanta sa Roinn chun déileáil le ceisteanna agus comhfhreagras trí Ghaeilge. De bharr go mbíonn an fhoireann ag athrú, cuirfear ríomhphost chuig an bhfoireann go léir arís in Eanáir 2021 chun aon duine eile a d'fhéadfaí a chur leis an liosta sin a aithint.

321 ball foirne ar an iomlán atá ag obair sa Roinn faoi láthair.

Barr
Roinn