Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 20 January 2021

Wednesday, 20 January 2021

Ceisteanna (723)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

723. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén plé a bhí ag a Roinn leis na soláthraithe seirbhíse farantóireachta atá ar conradh ag a Roinn chun seirbhís paisinéirí a chur ar fáil do na hoileáin, leis na húdaráis áitiúla iomchuí, leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus leis An nGarda Síochána chun a chinntiú go bhfuil siad ag cloí go hiomlán leis na rialacháin agus leis an gcomhairle sláinte poiblí i dtaobh Covid-19; and if she will make a statement on the matter. [2418/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá treoirlínte eisithe ag Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte chuig na farantóirí a iompraíonn daoine chuig na hoileáin mórthimpeall na tíre, agus tá aon eolas nó fógraíocht atá curtha ar fáil ag an FSS scaipthe ag an Roinn ar na comhlachtaí cuí.

Is gné thábhachtach é an scaradh sóisialta ar chórais iompar poiblí d'iarracht na tíre chun COVID-19 a chuir faoi chois agus, i gcomhair leis na treoirlínte atá foilsithe ag an Rialtas, caithfear clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus daoine ag taisteal ar bháid. Beidh aon athrú ar na treoirlínte seo bunaithe ar chomhairle ó na húdaráis sláinte phoiblí chuí, agus i gcomhréir le Plean an Rialtais maidir le maireachtáil le COVID-19.

Is ceart na húdarais cuí - FSS nó na Gardaí - a chuir ar an eolas má tá na treoirlínte seo á shárú.

Barr
Roinn