Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 February 2021

Thursday, 11 February 2021

Ceisteanna (87)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

87. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na hionaid Gaeilge, ceannáras eagraíochta ina measc, timpeall na tíre, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a liostú i dteannta na suime airgead atá tugtha dóibh go díreach, nó go hindíreach trí chomhairlí cathrach nó contae, Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge maidir le hárachas, tógáil, atógáil, deisiúchán, maisiúchán, cóiriú nó ath-choiriú do gach bliain le 20 bliain anuas. [7665/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tugadh gealltanas sonrach i gClár an Rialtais go “ndéanfar forbairt Ionaid Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre a chur chun cinn ar mhaithe le cur chuige pobail-bhunaithe i leith chur chun cinn na Gaeilge”.

Dar ndóigh, ní dhearnadh leis an ngealltanas seo ach tógáil ar an méid a gealladh roimhe seo i leith na nIonad Gaeilge faoi Phlean Gníomhaíochta an Rialtais 2018-2022 don Ghaeilge (gníomh 4.12 agus 4.13 go sonrach) agus faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 (faoi Thionscadal Éireann 2040).

Ar bhonn praiticiúil, déanann mo Roinnse tacaíocht shonrach a thabhairt d’fhorbairt Ionad Gaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht, tríd na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Clár Caipitil), le hallúntas de €2 mhilliún ann i mbliana.

Is féidir le coistí/eagraíochtaí pobalbhunaithe, a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne. Cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú leis na costais a bhaineann le hionaid Ghaeilge a thógáil/athchóiriú agus chun foirgnimh a cheannach le húsáid mar ionad Gaeilge agus/nó trealamh a cheannach dá leithéid d’ionaid.

Is é an cuspóir atá leis an gcuidiú caipitil a chuirtear ar fáil faoin gciste seo an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh i gcomhréir le cuspóirí Acht na Gaeltachta 2012 agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá tuilleadh eolais faoin scéim seo le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne anseo.

Maidir leis an eolas sonrach a bhí á lorg ag an Teachta sa Cheist Dála seo, ní miste a nótáil gur iondúil gur ó dháta bunaithe na Roinne nua ar féidir ceisteanna den saghas seo a fhreagairt.

É sin ráite áfach, ar mhaithe le heolas iomlánach a chur ar fáil faoin scéim shonrach a bhaineann leis na hIonaid Ghaeilge, feicfidh an Teachta go bhfuil na sonraí a iarradh ó 2018 ar aghaidh curtha ar fáil thíos - i ndáil leis na gealltanais a tugadh ó 2018 ar aghaidh sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027. Is íocaíochtaí iad seo a rinne an Roinn go díreach leis na heagraíochtaí seo.

Ionaid Ghaeilge faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Clár Caipitil): 2018 go dáta

Eagraíocht/Ionad Gaeilge

Méid Íoctha

Conradh na Gaeilge – Forbairt ar Lárionad Gaeilge i mBÁC

2018: €22,000 (Staidéar Féidearthachta)2019: €42,500

Gaelphobal Thamhlachta (BÁC)

2019: €23,290

Áras Chrónáin (Cluain Dolcáin, BÁC)

2019: €31,825

Áras Mhic Amhlaigh (Gaillimh)

2020: €730,938

Anuas ar an méid thuas, de réir fhoclaíocht na Ceiste Dála, tá tograí eile a d’fhéadfaí a aithint mar ‘Ionad Gaeilge’ nach dtagann faoin scéim thuasluaite. Tá sonraí na gceann sin a rinneadh íocaíocht leo ó mhí Mheán Fómhair 2020, go dáta - i gcomhréir le bunú oifigiúil na Roinne nua - le feiceáil sa tábla thíos. Tá siad seo uile lonnaithe laistigh den Ghaeltacht.

Tograí aitheanta eile: MF 2020 go dáta

Eagraíocht/Ionad Gaeilge

Saghas Íocaíochta

Méid Íoctha

Áras Scéal an Atlantaigh Fhiáin (Maigh Eo)

Íoctha tríd Údarás na Gaeltachta faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

2020: €316,000

Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh (Gaillimh)

Íoctha tríd Údarás na Gaeltachta faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

2020: €110,848

Comhlacht Forbartha Inis Meáin – Carcair an Leacht (Gaillimh)

Íoctha go díreach faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

2020: €14,325 (Seirbhísí Gairmiúla)

2020: €77,032

Áislann Chill Chartha (Dún na nGall)

Íoctha go díreach faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

2020: €2,991

Leis seo thíos chomh maith, tá liosta de thograí mar seo atá maoinithe ag Údarás na Gaeltachta:

Ainm/Togra

Méid Íoctha / Ceadaithe 2020

Muintearas, Páirc Gnó Ghaoth Dobhair

€9,700

Togra Ealaíona ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair

€50,000

Tuismitheoirí na Gaeltachta

€5,165

Barr
Roinn