I propose to take Questions Nos. 218 and 219 together.
Ní mór dom a rá ar an gcéad dul síos gur ceisteanna iad seo don Aire Sláinte agus do Roinn an Taoisigh go príomha.
Tá dualgais dhíreacha ar gach comhlacht poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chlúdaíonn eolas atá á thabhairt don phobal i gcoitinne (nó d’aicme den phobal), is iad sin:
- Alt 9(3) den Acht : I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.
- Alt 10(a) den Acht : Na doiciméid seo a leanas a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla:
- aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí.
Tuigfidh an Teachta gur gnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus nach bhfuil aon ról agamsa mar Aire ann.
É sin ráite áfach, i gcomhthéacs cheisteanna an Teachta, tuigtear dom go bhfuil Roinn an Taoisigh agus an Roinn Sláinte tiomanta do chomhairle sláinte poiblí agus comhairle faoin bpaindéim go ginearálta a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla agus gurb iad príomhfhócas a gcuid fheachtas ná an chomhairle chuí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Rialtais agus póstaeir comhairle sláinte poiblí agus leabhráin faisnéise a chur amach. Ní mór a nótáil go mbíonn oifigigh mo Roinne i dteagmháil go rialta le hoifigigh i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Sláinte maidir le cúrsaí COVID agus an cumarsáid phoiblí a bhaineann leis.
I measc na mbearta atá idir lámha ag an dá Roinn sin chun freastal ar phobal na Gaeilge, tá:
- Suíomh gréasáin an Rialtais (www.gov.ie ) ina fhoinse faisnéise don phobal le linn na géarchéime seo agus déantar é a nuashonrú agus a aistriú go Gaeilge go rialta;
- An Leabhrán Faisnéise Poiblí COVID-19 a foilsíodh i mBéarla agus i nGaeilge agus póstaer dátheangach maidir le ‘Ní na Lámh’ a rinne An Post a sheachadadh chuig gach teaghlach sa tír; agus
- Ina theannta sin, cuireadh amach gach póstaer comhairle sláinte poiblí i mBéarla agus i nGaeilge agus roinneadh iad ar fud gach Roinn rialtais agus páirtithe leasmhara rialtais. Tá siad ar fáil freisin le híoslódáil ó shuíomh gréasáin an Rialtais (www.gov.ie ) sa dá theanga le haghaidh úsáide príobháidí agus tráchtála.
Mar fhocal scoir agus mar is eol don Teachta, tá plé á dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) ag Céim an Choiste i láthair na huaire agus is é aidhm an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú.