Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Covid-19 Paindéim

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 March 2021

Wednesday, 3 March 2021

Ceisteanna (269)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

269. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ráiteas a dhéanamh mar gheall ar fhoilsiú an doiciméad Recovery and Renewal: The Path Ahead, ina leagtar amach tograí beartais phoiblí, go haonteangach as Béarla amháin i gcomhthéacs an freagra a thug sí ar mo cheisteanna parlaiminte uimhir 218 agus 219 ar an 17 Feabhra 2021, agus an ndearna sí aon iarracht a chinntiú go mbeadh an doiciméad foilsithe go comhuaineach sa dá teanga oifigiúil de réir alt 10(a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. [11495/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá dualgais dhíreacha ar gach comhlacht poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chlúdaíonn eolas atá á thabhairt don phobal i gcoitinne (nó d’aicme den phobal), is iad sin:

- Alt 9(3) den Acht : I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.

- Alt 10(a) den Acht : Na doiciméid seo a leanas a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla:

- aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí.

Tuigfidh an Teachta gur gnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus nach bhfuil aon ról agamsa mar Aire ann.

Question No. 270 answered with Question No. 255.
Barr
Roinn